Tá mé in iarthuaisceart an Oileáin Úir le seachtain anuas agus mé timpeallaithe ag an lipéadú dátheangach. Is tír dhátheangach í Ceanada go hoifigiúil agus anuas ar na teangacha oifigiúla, an Béarla agus an Fhraincis, tá na céadta nó na mílte fiú teangacha dúchais á labhairt ag muintir na ‘gCéad Náisiún’ mar a thugtar anseo orthu.
Is beag cosaint atá ag na teangacha dúchais sin, cé gur ardú meanman agus díol spéise iad na comharthaí mótarbhealaigh atá sa gcuid seo den Cholóim Bhriotanach (nach bhfuil sé in am acu ainm nua a bhaisteadh ar an gcúige seo?) a bhfuil na logainmneacha Sḵwx̱wú7mesh sníchim le feiceáil orthu.
Tá na comharthaí sin sách nua anseo agus dála na gcomharthaí in oirthuaisceart ár n-oileáin bhig féin is údar achrainn agus conspóide iad do roinnt daoine. Ach tá taithí mhaith ag na Ceanadaigh ar an dátheangachas idir an dá theanga choilíneacha, agus is é an dátheangachas sin is mó a tharraingeodh súil an Ghaeil ar strae.
B’iontach an bua a bhí ag Peadar Mac Fhlannchadha as Maigh Cuilinn le deireanas nuair a seasadh sa gCúirt Achomhairc le cinneadh na Cúirte Breithiúnais i Lucsamburg lena mhaíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid ar tháirgí leighis d’ainmhithe in Éirinn. Ach ba chath fadálach crua a bhí ann an méid sin a bhaint amach.
Anseo i gCeanada, ní chaitear an dara súil ar tháirgí leighis d’ainmhithe a bhfuil dhá theanga oifigiúla orthu. Ná ar tháirgí leighis do dhaoine. Ná ar phlúr, ar shiúcra, ar sheampú, ar tháirgí áilleachta, ar, ar, ar…
De réir na rialacha a tugadh isteach faoin Acht Pacáistithe agus Lipéadaithe, an Treoir do Lipéadú agus Fógraíocht Bia, an Chairt Fraincise, caitear go leor eolais ar na lipéid a bheith i mBéarla agus i bhFraincis – ainm an táirge, áit a dhéanta, na comhábhair, eolas sábháilteachta agus roinnt rudaí eile.
Níl a fhios agam cén chaoi ar ghlac an pobal nó na déantúsóirí leis na rialacha seo nuair a tugadh isteach iad – bheadh iontas mura raibh achrann áirid ann – ach is léir dom ó bheith ag caint leis na Ceanadaigh inniu gur cuma leo faoin bhFraincis a bheith ar a gcuid táirgí (tá mé i gcúige nach labhraítear ar chor ar bith í).
Níl aon taighde eolaíoch déanta agam ar an gceist seo (agus tá mé cinnte go bhfuil duine éigin áit éigin tar éis a leithéid a dhéanamh) ach is léir dom chomh maith go dtuigeann go leor de na Ceanadaigh a mhaíonn nach bhfuil ‘Fraincis ar bith’ acu go leor leor focla díreach toisc go léann siad chuile lá beo iad ar an mbuidéal bainne ar maidin. B’fhurasta an lipéadú dátheangach uileghabhálach seo a chur i bhfeidhm in Éirinn chomh maith céanna nó níos fearr is atá sé i bhfeidhm i gCeanada. Chuirfinn geall gur fearr an tuiscint atá an ngnáth-Éireannach ar fhocail Ghaeilge (dála ‘siúcra’ agus ‘bainne’) ná mar atá ag an ngnáth-British Columbian ar a gcomhionann sa bhFraincis, agus go gcuirfeadh an lipéadú dátheangach Gaeilge-Béarla go mór leis an mbuntuiscint sin.
Go n-éirí go geal le Peadar Mac Fhlannchadha agus a fheachtas ar son na n-ainmhithe Gaelacha agus nárbh fhada uainn feachtas mór náisiúnta den chineál céanna ar son na ndaoine. Idir an dá linn, tá súil agam go bhfeicfidh mé táirgí leighis d’ainmhithe a bhfuil lipéadú i Sḵwx̱wú7mesh sníchim orthu anseo in Vancouver an chéad uair eile a bheidh mé anseo.