Bliain na Manainnise 2021

Beidh lucht labhartha na Manainnise i Manainn agus ar fud an domhain ag ceiliúradh ‘Bhliain na Manainnise’ an bhliain seo chugainn, 2021. Beidh deireadh ag teacht leis Straitéis na Manainnise 2017-2021 an bhliain seo chugainn agus beidh an teanga agus a tábhacht don oileán beag Gaelach á gceiliúradh ag deireadh na straitéise. 

Táthar ag lorg smaointe ón bpobal faoi láthair ar na bealaí a d’fhéadfaí an ceiliúradh seo a dhéanamh, agus ar na rudaí ba cheart a bhaint amach don Mhanainnis idir seo agus deireadh 2021. Beidh eagraíochtaí teanga agus cultúir i Manainn, ar nós Yn Cheshaght Ghailckagh, Pobble, Mooinjer Veggey, Culture Vannin agus Jeebin, ag glacadh páirte sa cheiliúradh. 

Bhí ceiliúradh ar Bhliain na Gaeilge in Éirinn ann in 2013 agus arís in 2018. Reáchtáladh imeachtaí ar fud na hÉireann agus thar lear a chuir an Ghaeilge chun cinn in ionaid oibre, oideachais agus pobail. Anuraidh, bhí ceiliúradh idirnáisiúnta ann ar Bhliain na dTeangacha Dúchais agus tá sé i gceist d’fhógair na Náisiún Aontaithe an mhí seo caite go ndéanfaí ceiliúradh ar ‘Dheichaois na dTeangacha Dúchais ón mbliain 2022 go 2031. 

SCÉALTA EILE