Borradh faoi fhoghlaim na Coirnise a bhuí le Gwenno

Rinne níos mó daoine scrúdú oifigiúil de chuid Kesva an Taves Kernewek (Bord na Coirnise) i mbliana ná mar a rinneadh riamh cheana, dar le staitisticí a chuir Kesva an Taves Kernewek amach le deireanas. Reáchtálann Bord na Coirnise scrúduithe béil agus scríofa sa teanga Cheilteach chuile shamhradh agus tá méadú 15% tagtha ar líon na ndaoine a thug faoi na scrúduithe sin i mbliana. 

Dúirt rúnaí na scrúduithe i Kesva an Taves Kernewek, Tony Hak, gur dóigh leis go raibh tionchar nach beag ag an amhránaí Breatnach Gwenno Saunders, a chuir albam Coirnise amach ag tús na bliana, ar líon na ndaoine a chuir spéis sa teanga i mbliana. 

Ó cuireadh na scrúduithe ar fáil den chéad uair beagnach 26 bliain ó shin, tá breis agus 1,200 duine tar éis scrúdú Coirnise a dhéanamh le Kesva an Taves Kernewek. Dúirt Tony gur “iontach an spreagadh” a bhí in albam Gwenno do go leor daoine agus go gcabhraíonn sé le cás na Coirnise nuair a chloiseann an gnáthdhuine í i ngnáthúsáid thar timpeall orthu.

“Tá eolas níos fearr ag muintir Chorn na Breataine ar a bhféiniúlacht féin agus ar a n-áit dhúchais féin. Tá níos mó gnólachtaí ag iarraidh brandáil a dhéanamh i gCoirnis freisin,” a dúirt sé. 

Agus an t-albam á sheoladh aici níos luaithe i mbliana, dúirt Gwenno, a chanann i mBreatnais freisin, go bhfuil sí ar bís go bhfuil an gnáthphobal ag labhairt na Coirnise níos minice agus níos minice anois. 

“Is díol iontais é go bhfuil an teanga beo. Léiríonn sé sin neart ar leith mar níl an oiread sin tacaíochta ann di. Tá stair shaibhir fhada ag an gCoirnis, nach bhfuil go leor daoine eolach uirthi, ach tugann an Choirnis léargas eile agus inseacht eile ar Chorn na Breataine. Is le pobal uile Chorn na Breataine í, agus tá siad ag rá ‘bainimis úsáid aisti ar bhealach atá spéisiúil dúinne nó ar bhealach a bhfuil ciall leis dúinne’,” a dúirt sí in agallamh leis an BBC. 

Ní féidir staidéar a dhéanamh ar an gCoirnis do scrúduithe stáit na Breataine faoi láthair, cé go bhfuil feachtas ar bun ag Feisire Parlaiminte ó Chorn na Breataine scrúdú oifigiúil a chur ann arís. Fuarthas réidh leis an scrúdú stáit don Choirnis in 1996 ceal spéise ó na daltaí.

Thosaigh George Eustice, ón bPáirtí Caomhach, an feachtas in 2016, agus é ag rá gur mithid scrúdú dá leithéid a chur ar fáil arís. Tá stádas beag ag an gCoirnis san Aontas Eorpach ach is beag aitheantas a thugtar di sa mBreatain féin. Tá Comhairle Chorn na Breataine ag cur ranganna agus deiseanna eile úsáide ar fáil le tamall de bhlianta anuas. 

“Nuair a bhí mise ar scoil, rinne mé staidéar ar an Laidin agus níor casadh orm riamh duine a labhródh an Laidin liom. Múintear na scoileanna is fearr sa tír seo na seanteangacha sin, an Laidin agus araile, nach bhfuil feidhm leo a thuilleadh, ar an gcúis mhaith go gcabhraíonn siad leis an dalta ní hamháin ó thaobh na teanga de, ach ó thaobh fhorbairt na hintinne de. 

“Cuireann sé lena bhfeidhmiúlacht chognaíoch, agus má tá na scoileanna is fearr sa mBreatain ag múineadh na Laidine, cén fáth nach mbeadh na scoileanna is fearr i gCorn na Breataine ag múineadh na Coirnise? Is cuma mura bhfuil sí á labhairt go laethúil,” a dúirt sé. 

SCÉALTA EILE