Tá troscadh 24 uair an chloig ar siúl faoi láthair ag gníomhaithe Breatnaise chun brú a chur ar rialtas na Breataine Bige bille nua pleanála a leasú.
Tráthnóna inniu vótálfaidh baill thionól na tíre ar Bhille Pleanála a ligfidh do chomhairleoirí cinneadh a dhéanamh faoi mholtaí pleanála ag brath ar an tionchar a bheadh ag forbairtí tithíochta ar chúrsaí teanga.
Dar le hagóideoirí áfach nach leor an reachtaíocht atá molta agus gur gá measúnacht tionchair teanga a chur san áireamh má tá an bille le bheith éifeachtach.
Deir siad chomh maith go gcaithfidh spriocanna tithíochta bheith bunaithe ar riachtanais áitiúla agus ní ar na buntáistí a bhainfeadh forbróirí móra corparáideacha as cinntí pleanála.
Is í an eagraíocht Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumann na Breatnaise) atá ag tiomáint na stailce agus ina measc siúd atá páirteach tá cathaoirleach an eagrais, Jamie Bevan, mar aon le file clúiteach, ball coiste an Eisteddfod, ministir eaglaise agus duine de cheannródaithe rac-cheoil na Breatnaise.
“Ar an ábhar gur dhiúltaigh an tAire cuid mhór leasuithe, a raibh tacaíocht thraspháirtí acu, a chur i bhfeidhm, níl an dara suí sa bhuaile againn ach tabhairt faoin troscadh seo,” arsa Jamie Bevan, thuas.
“Ní mór dúinn cur ina luí ar an rialtas a thromchúisí is atá an cás agus an tionchar diúltach a bheadh ag a reachtaíocht ar an Bhreatnais mar theanga nádúrtha phobail.
“Tá sé tábhachtach don teanga ach fosta don daonlathas, don chomhionannas agus don timpeallacht sa Bhreatain Bheag.”
Tá stair fhada agóidíochta ag pobal na Breatnaise agus is minic ceist na teanga nasctha le mórcheisteanna tábhachtacha eile i sochaí na tíre.
Gheofar amach níos moille inniu an ndeachnaigh an gníomh is déanaí seo i bhfeidhm ar bhaill an rialtais.