Tá Brian Stowell, duine de laochra móra na Manainnise agus an duine is mó a luaitear le hathbheochan na teanga sin, ar shlí na fírinne.
D’fhógair an eagraíocht Culture Vannin, a chuireann an Mhanainnis agus cultúr Mhanann chun cinn san oileán inniu gur bhásaigh Brian níos luaithe inniu. Bhí sé dhá bhliain le cois an cheithre scór d’aois.
Teangeolaí, scríbhneoir, craoltóir agus gníomhaí teanga a bhí i mBrian, agus bhí cáilíochtaí sa bhfisic aige freisin. Bhí sé gníomhach i gcúrsaí polaitíochta san oileán freisin agus ba é Yn Lhaihder (an Léitheoir) sa Tinvaal (Parlaimint Mhanann) ar feadh tréimhse. Bronnadh ‘Gradam Tinvaal’ air, an gradam is fearr is féidir le Parlaimint Mhanann a bhronnadh, in 2010 mar gheall ar an méid a rinne sé do chultúr an oileáin.
Cé nár chainteoir dúchais a bhí ann, thug sé leis an teanga go paiteanta ó chainteoirí dúchais an oileáin, Ned Madrell ina measc, a bhí fós beo agus Brian ina mac léinn ollscoile. Rinne sé taifead de sheanfhondúirí an oileáin i mbun cainte agus áirítear an obair sin i measc na mbeart is tábhachtaí a rinneadh don Mhanainnis an céad seo caite.
Cainteoir líofa Gaeilge a bhí ann freisin agus bhain sé leas as a chumas i nGaeilge na hÉireann le cúrsaí agus ábhar eile a thabhairt ón tír seo go hOileán Mhanann le cur le hathbheochan Gaeilge Mhanann.
D’fhoilsigh sé go leor ábhar i Manainnis i gcaitheamh na mblianta, idir aistriúcháin agus shaothar nuascríofa. Ba é a chur Gaelg ar Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas, faoin teideal Contoyryssn Ealish ayns Çheer ny Yindyssyn agus ba é an chéad duine a scríobh úrscéal iomlán i nGaeilge Mhanann — Dunveryssyn un Tooder-Folley (Dúnmharuithe an tSúmaire Fola). D’aistrigh sé an leabhar Gaeilge Réics Carló in Oileán Mhanann le Cathal Sanders go Gaeilge Mhanann faoin teideal Reks Carlo ayns Mannin freisin. Bhí clár seachtainiúil raidió as Manainnis aige ar Manx Radio, stáisiún náisiúnta an oileáin, ar feadh i bhfad.
“Is beag duine a bhfuil níos mó déanta aige ar son Mhanann, ar son na Manainnise agus ar son chultúr an oileáin ná mar atá déanta ag Brian. Tá muintir an oileáin faoi chomaoin mhór ag Brian, agus ní thuigfear go baileach go ceann roinnt blianta cé chomh mór is a bhí a thionchar. Tá muid ag súil le saol agus saothar an Mhanannaigh iontaigh seo a cheiliúradh agus a roinnt sna laethanta agus na seachtainí amach romhainn, ach seo tráth an tosta. Brian Stowell, gura mie ayd,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh Culture Vannin inniu.