Tá tuairisc ag Tony Connelly inniu ar suíomh RTÉ maidir leis an imní go laghdófar ar thionchar na hÉireann san Aontas Eorpach de bharr easpa feidhmeannach as Éirinn. Easpa scileanna teanga an deacracht is mó — bítear ag súil go mbeidh trí theanga ar a laghad ar a thoil ag feidhmeannach sinsir Eorpach
Maítear go minic agus ceist na Gaeilge á plé gur buntáiste dúinn gur Béarla teanga na hÉireann anois. Léiríonn an scéal seo, arís eile, gur a mhalairt atá fíor.
Tá mise ag feidhmiú le 30 bliain san earnáil ríomhaireachta. Bhí mé tumtha sa Ghearmáinis ag tús mo shaoil ghairmiúil, ag obair agus ag maireachtáil i mBeirlín. Tar éis roinnt blianta fuair mé deis a bheith páirteach i dtogra idirnáisiúnta laistigh den mhórchomhlacht lena raibh mé fostaithe.
Go pointe, bhain an deis seo le Béarla a bheith agam — iarradh orm gluais theicniúil a chur in eagar. Bhí difríochtaí idir an dóigh a raibh Sualannaigh, Eilvéisigh agus Gearmánaigh ag baint feidhm as an mBéarla — agus bhí na Meiriceánaigh sa chumasc freisin.
Níorbh fada áfach gur thuig mé nach gá gur buntáiste Béarla saibhir, ach a mhalairt. Rinne mé trácht ar fhóram plé an togra faoi “turgid prose” — cáipéis a bhraith mé a bheith rófhoclach agus deacair a léamh. Shíl na Sualannaigh go raibh mé ag spochadh as na hEilvéisigh, a bhí lonnaithe i mbaile Turgi ag an am. Tharla roinnt míthuiscintí eile de bharr cora cainte agamsa go dtí gur thuig mé gur ghá iad a sheachaint agus mo chuid Béarla a mhaolú.
Tá canúint ar leith Béarla in úsáid san Eoraip — canúint atá deacair a thuiscint murach teanga nó dhó eile a bheith ag duine. Mar shampla, is gnáthúsáid “responsible” mar ainmfhocal – “an té atá freagrach”. Tagann sé seo le gnás na Fraincise is na Gearmáinise, ach tá sé as alt sa Bhéarla.
Le blianta anois tá mé ag obair do Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, ag déanamh léirmheasanna ar cháipéisí teicniúla ó thíortha trasna na hEorpa. As “Béarla”. Is minic áfach go mbeadh mearbhall ceart orm murach an t-eolas atá agam ar an nGearmáinis agus ar an bhFraincis. Bíonn na scríbhneoirí faoi anáil a dteangacha féin agus bíonn dul a dteanga ar an rud a scríobhann siad.
Tá níos mó i gceist le teanga, ar ndóigh, ná an chumarsáid lom. Tá cultúr fite fuaite le gach teanga. Deirtear go ndúirt Willy Brandt “If you are buying, I will speak English. But if you are selling, dann müssen Sie Deutsch sprechen (Tá sé d’fhiacha ort Gearmáinis a labhairt).”
Tá cúis mhaith leis sin — caithfidh tú comhbhá a bheith agat leis na daoine a bhfuil tú ag plé leo, agus gan tuiscint ar a meon, ní bheidh sin agat.
Tá sé riachtanach mar sin go gcuirfeadh muid feabhas ar fhoghlaim agus úsáid teangacha in Éirinn. Ní gá, mar is léir ó thaithí na Fionlainne, gur chun dochar na Gaeilge a bheadh sin ach a mhalairt glan. Feictear dom cheana féin gur minic teangacha eile ag lucht labhartha na Gaeilge. Tús maith leath na hoibre.