Deich mbliana agus broideog ó shin (fiú más broideog mhór í) a thoisigh mé ar an ollscoil ach, go dtí an lá inniu, is maith is cuimhin liom ócáid a thit amach go luath i ndiaidh domh tús a chur leis an aistear foghlama sin. Stop mé i mbaile idir mo cheantar dúchais féin agus an chathair ina raibh mé ar an ollscoil agus chuir fear taobh thiar de chuntar sa tsiopa ceist orm: ‘Cad atá ar bun agat san ollscoil?’
An cheist chlasaiceach sin a lean. ‘Why would you do that? Why wouldn’t you do French or something more useful?’
Rinne iarracht é a áitiú air go raibh fiúntas leis an Ghaeilge mar a bhíonn ag teanga ar bith ach níor ghlac sé le m’argóintí. Bheinn in ann, dar leis, cuairt a thabhairt ar thíortha suimiúla mar atá an Spáinn, an Fhrainc, nó an Ghearmáin ach staidéar a dhéanamh ar an teanga ábhartha.
Ní smaointím go rómhinic air sin anois ach tagann sé chun tosaigh i m’intinn anois agus arís agus mé thar lear ag gabháil do rudaí bainteach leis an Ghaeilge, mar a bhí cúpla bliain ó shin agus mé san Iorua le cúpla léacht a thabhairt ag an Noregs teknisk-naturvitskaplege universitet (Ollscoil Eolaíochta agus Teicneolaíochta na hIorua) nó ag deireadh seachtaine a chaith mé sa tSualainn ag teagasc ar dheireadh seachtaine cultúrtha. Anuas air sin, castar daoine suimiúla ó achan chearn den domhan orm agus mé ag teagasc le hOideas Gael. Ní bhíonn ormsa imeacht ó mo Chontae féin fiú!
Rinne mé mo mhachnamh ar an tsiopadóir arís thar an Nollaig agus mé in Oregon agus Stát Washington, turas beag scéalaíochta agus filíochta á dhéanamh agam. Rinne mé féin agus mo bhean chéile ceithre cheolchoirm ar ar chuir muid ‘The Oíche Airneáil Experience’. Rinne muid ceann in Portland, Oregon, ceann ar Oileán Vashon, ceann in Seattle, agus ceann in Olympia (na trí áit dheireanacha in Washington).
An leagan amach a bhí ann ná gur cheol mo bhean amhráin, cuid acu traidisiúnta, cuid acu ar an tSean-nós, agus cuid acu i mBéarla, agus d’inis mé féin scéalta (cuid i nGaeilge agus cuid i mBéarla) nó d’aithris mé dánta le gabháil leis na hamhráin nó a mhínigh scéal na n-amhrán. Casadh orm daoine a raibh dúil acu i nGaeilge agus i nGàidhlig agus chuir líon na ndaoine a d’fhreastail ar na hócáidí sin iontas orm.
A shásta agus a bhí mé leis an tslua romham, bhí mo dhuine sa tsiopa i m’intinn go minic. ‘Is trua,’ a shíl mé, ‘go bhfuil duine fán bhaile chomh cúngaigeanta sin nuair atá daoine anseo ar an taobh iomlán eile de na Stáit a rá liom gur bhreá leo níos mó deiseanna a fháil chun freastal ar ócáidí mar seo.’
‘You’re staying local,’ a dúirt duine amháin nuair a d’fhiafraigh sé suíomh na gceolchoirmeacha díom ach is fiú a lua gur tír mhór í Meiriceá; bhí tiomáint de thrí uair an chloig nó mar sin i gceist ón dá shuíomh is faide ar shiúl óna chéile. Ar shíl mo dhuine sa tsiopa go mbeadh duine in ann cuid mhaith de Mheiriceá a fheiceáil ach a bheith ag gabháil ó gig go gig ag scéalaíocht, ag aithris, agus ag ceol sa Ghaeilge?
Tá a fhios ag duine ar bith a léann an t-alt seo go bhfuil daoine i Meiriceá, agus tíortha eile, gafa leis an Ghaelachas; ní dhearna mé féin ach turas beag – tá grúpaí ann a théann ó cheann go ceann Mheiriceá agus suíomhanna díolta amach chun iad a chluinstin ag ceol nó ag rapáil.
An chéad rud eile romham ag tús na bliana seo ná go dtoiseoidh mé babhta eile de mo chúrsa ar an bhéaloideas le Gaelchultúr ar an mhí seo chugainn agus cuirfidh mé aithne ar dhaoine nua ó achan chearn a bhfuil dúil acu sa Ghaeilge agus an cultúr a ghabhann léi. Ní dóigh liom go dtarlóidh sé ach is minic a bhím ag smaointiú go mbeadh sé deas siopadóir áirithe ar tháinig athrú poirt air a fheiceáil i rang romham.
Cad í brí an ailt seo mar sin de? Má tá duine amháin a léann an t-alt seo a bhfuil amhras ar bith orthu faoi fhiúntas na Gaeilge mar shlí bheatha nó a bhfuil imní orthu nach bhfuil deiseanna le bheith ag taisteal thar lear leis an Ghaeilge, ná bíodh imní ort. Tá deiseanna go leor ann (agus níor luaigh mé an t-aistriúchán leis an Aontas Eorpach, fiú!).