‘Cabhraíonn an dátheangachas le scileanna sóisialta daoine a bhfuil uathachas orthu’ – staidéar nua

D’fhéadfadh an dátheangachas cabhrú le duine a bhfuil uathachas air a chuid scileanna sóisialta a fhorbairt, dar le lucht taighde in Albain.

Measann na heolaithe a rinne taighde nua i nDún Éideann le deireanas go bhfuil an chosúlacht ar thorthaí a gcuid taighde gur fearr a thuigeann daoine dátheangacha a bhfuil uathachas orthu “iad féin agus daoine eile”.

Dúradh freisin, áfach, go bhfuil na torthaí “an-nua” go fóill, agus go bhfuil gá le tuilleadh taighde ar an ábhar. 

Measadh le fada an lá go gcuirfeadh an dátheangachas isteach ar dhuine a bhfuil uathachas air mar gheall gur minic a bhíonn deacrachtaí cumarsáide ann cheana féin.

Rinneadh tástálacha ar na scileanna forbartha teanga, na scileanna próiseála eolais agus iompar ginearálta na ndaoine a ghlac páirt sa staidéar. Fuarthas nach bhfuil móran de dhifear idir scileanna agus iompar na ndaoine aonteangacha a bhfuil uathachas orthu agus daoine dátheangacha a bhfuil uathachas orthu. Maíonn lucht na taighde go léiríonn sé seo nach gcuireann an dátheangachas isteach ar dhaoine a bhfuil uathachas orthu.

Ba le linn tástálacha eile a fuarthas gur buntáiste a bhí sa dátheangachas ó thaobh scileanna sóisialta de. Páistí seachas daoine fásta a ghlac páirt sa staidéar seo i nDún Éideann. 

SCÉALTA EILE