Seo ceist nach raibh freagra sásúil le fáil air ag scaifte cairde a shuigh síos le cupán tae a ól lá. Shocraigh siad, mar sin, ar ócáid phoiblí a eagrú leis an scéal a phlé.
Beidh an t-imeacht ar siúl ag Féile Outburst i mBéal Feirste an mhí seo chugainn agus tá sé á reáchtáil i gcomhar le Liú Lúnasa.
Féile spleodrach, cheannródaíoch í Outburst a thugann ardán d’ealaíontóirí aeracha, leispiacha, déghnéasacha agus trasinscneacha.
Tá an chruthaitheacht, an nuálaíocht agus an dánacht mar shaintréithe na féile, agus is é seo an chéad uair a bhfuil imeacht lán-Ghaeilge ar an chlár.
Tá Ruth McCarthy, stiúrthóir Outburst, iontach tógtha faoin deis ócáid Ghaeilge a reáchtáil in éineacht le Liú Lúnasa óir chítear di go bhfuil aidhmeanna i gcoitinne ag an dá fhéile.
“Tá sé mar aidhm ag Outburst tacú le cruthaitheacht agus le gníomhachas pobail a thig ón bhun aníos. Sin go díreach an rud atá ar siúl ag lucht Liú Lúnasa,” ar sí.
Anois go bhfuil Outburst 10 mbliana ar an fhód, deir bean Luimní gur mian leo lucht féachana úr a mhealladh, daoine nach mbíonn ag freastal ar ócáidí ealaíon de ghnáth.
Chuige sin, beidh ócáidí ar siúl in iarthar agus in oirthear Bheál Feirste, áiteanna eile seachas na gnáthionaid i lár na cathrach.
“Anois, níos mó ná riamh, caithfidh na healaíona a bheith mar uirlis lenar féidir linn machnamh ar an domhan. Caithfear spás a chur ar fáil sa dóigh go dtiocfaidh smaointe nua chun cinn. Croílár an phobail an áit is oiriúnaí lena aghaidh sin.”
Cosúlacht eile a fheiceann Ruth idir pobal Outburst agus pobal na Gaeilge ná “go bhfuil cainteoirí Gaeilge agus daoine ‘queer’ imeallaithe.
Tá cuid mhór steiréitíopanna ann faoi na grúpaí seo, agus sílim féin gur chóir na heispéiris atá i gcoitinne againn ar a bheith fágtha ar imeall na sochaí a aithint.
“Bíodh cúlra eitneach, stádas eacnamaíochta nó inscne i gceist, tá sé in am ag grúpaí imeallaithe a bheith ag obair as lámha a chéile le fís úr agus na mór-athruithe a bhfuil géarghá leo a chur i bhfeidhm.”
Tá Naoise Ó Cairealláin ó Liú Lúnasa thar a bheith sásta go bhfuil ceangal á dhéanamh idir an dá fhéile.
“Nuair a chuala muid Ruth ag caint faoin rud is ‘queer’ ann, tuigeadh dúinn nach mbaineann sé le cúrsaí gnéasúlachta amháin. Duine ar bith atá éagsúil nó a bhfuil rud éigin ait nó saoithiúil ag baint leo atá i gceist.”
Mhínigh Naoise nach raibh sé féin ná a chuid cairde in ann teacht ar théarma sásúil i nGaeilge a cheapann an chiall atá le ‘queer’.
“Ní ‘aerach’ atá i gceist, agus ní ‘cam’ an focal ceart ach oiread. Le fírinne, an cheist atá le plé ná ‘Cad é an rud é ‘queer’?’
“Nuair a bheas tuiscint cheart air sin againn, beidh muid in ann teacht ar théarma fóirsteanach.”
Beidh dhá ghearrscannán á dtaispeáint ag ócáid Ghaeilge Outburst a dhíríonn ar ghnéasúlacht agus ar fhéiniúlacht inscne.
In Céad Ghrá, téann beirt dhlúthchairde óga sa tóir ar chailín, ach de réir a chéile tagann duine acu ar an tuiscint go bhfuil gean ina chroí aige do dhuine eile ar fad.
In Eadrainn Féin, caithfidh baintreach fir, feirmeoir as Conamara, dul i ngleic lena dhearcadh traidisiúnta ar an saol nuair a thosaíonn a mhac ag ceistiú a fhéiniúlacht inscne.
Beidh plé ann leis an lucht féachana i ndiaidh na scannán ar na téamaí a thagann chun cinn. Páirteach sa phlé sin beidh Marie Quiery, Dan Dowling, Fionnghuala Nic Roibeaird agus Cara Park.
Beidh ‘Cad é an Ghaeilge ar ‘queer’?’ ar siúl i gCultúrlann McAdam-Ó Fiaich Dé Sathairn, an 12 Samhain ar 2in. Cead isteach saor in aisce. Is féidir amharc ar chlár iomlán Fhéile Outburst anseo