Ní fada go mbeidh caifé nua ag cainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus Gaelphobal Thamhlachta “beagnach ann” lena gcaifé nua san Ionad Gaeilge atá á thógáil sa gceantar.
D’fhógair an eagraíocht, ar craobh de Chonradh na Gaeilge é, ar na meáin shóisialta an tseachtain seo go bhfuil an caifé ‘1Scéal’ “nach mór réidh le n-oscailt”. Tá súil ag Pól Ó Meadhra, Cathaoirleach Ghaelphobal Thamhlachta, go mbeidh an caifé oscailte an mhí seo chugainn.
Tá ár gcaifé ‘1Scéal’ nach mór réidh le n-oscailt! #Tamhlacht #Gaeilge pic.twitter.com/5TavEoJKD7
— Gaelphobal Thamhlachta (@GThamhlachta) June 12, 2019
Beidh spás do suas le 30 duine sa gcaifé nua, agus tá duine le Gaeilge as Tamhlacht fostaithe le haire a thabhairt don áit.
In 2016, cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta na linne, Seán Kyne, €150,000 do Ghaelphobal Thamhlachta le hIonad Gaeilge a fhorbairt ar an mbaile i ndeisceart Chontae Átha Cliath. Cheannaigh an eagraíocht talamh sa gceantar in 2014 agus é mar intinn acu an áit a fhorbairt mar lárionad Gaeilge agus Cultúir don cheantar.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie ag an am, dúirt Cathaoirleach Ghaelphobal Thamhlachta gur “bunchloch de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge” é go mbeadh áiteanna ar nós an ionaid atá á fhorbairt ar fud na tíre agus gur “maith an rud gur i dTamhlacht a bheidh rud mar é”.
Tá borradh faoin nGaeilge i dTamhlacht le tamall de bhlianta anuas mar gheall ar an obair atá déanta ag Gaelphobal Thamhlachta agus na scoileanna éagsúla Gaeilge atá sa gceantar.
Chomh maith le ‘1Scéal’ beidh siopa leabhar agus amharclann bheag mar chuid den Ionad Gaeilge.
“Tá cúl an tí á fhorbairt mar amharclann faoi láthair agus súil againn maoiniú a fháil ón gcomhairle áitiúil [Comhairle Contae Átha Cliath Theas]. Beidh an dá thaobh ag cabhrú lena chéile, ag tá grúpaí eile sa cheantar, Aisteoirí Thamhlachta agus an Club Óige mar shampla. Táimid ag iarraidh craobh de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann a bhunú anseo freisin,” a dúirt sé.
Tá 1Scéal lonnaithe i lár Thamhlachta in aice leis an gComhar Creidmheasa agus beidh sé ar oscailt faoi dheireadh an tsamhraidh.