Den chéad uair riamh i stair Cheanada labhair Feisire Parlaiminte in Kanien’kéha, teanga de chuid na Móháic, i dTeach na dTeachtaí in Ottawa.
Thug Marc Miller – ball den Pháirtí Liobrálach, an páirtí céanna leis an phríomh-aire Justin Trudeau – an chaint Déardaoin seo caite mar léiriú ar an “turas pearsanta” ar a bhfuil sé chun feasacht a ardú mar gheall ar theangacha bundúchasacha Cheanada.
Is cainteoir dúchais Béarla as Montreal í mathair Miller agus is as Alba Nua a athair ach chinn sé ar Kanien’kéha a fhoghlaim mar go bhfuil a thoghcheantar i Montreal suite ar thalamh traidisiúnta na Móháic.
Labhair sé faoin teanga agus faoi na daoine dúchasacha a labhraíonn í agus dúirt go raibh súil aige go gcothófaí ní ba mhó measa agus bróid i measc na gCeanadach faoina gcultúir dhúchais.
Ar chríochnú na hóráide dó, thug a chomhghleacaithe bualadh mór bos dó agus thréaslaigh siad a ráiteas leis.
Níl ach thart ar 3,500 duine a bhfuil teanga na Móháic acu, iad lonnaithe thar Quebec, Ontario agus Stát Nua-Eabhrac i SAM.
Cé gurb í an chéad uair riamh ar chualathas Kanien’kéha i dTeach na dTeachtaí, ní hea an chéad uair ar labhraíodh teanga dhúchais ann.
Thar na blianta tugadh roinnt cainteanna i dteangacha eile dúchasacha ar nós Craíse – bhí an óráid is déanaí sa teanga sin ann ar an mhí seo caite nuair a cháin an Feirsire Liobrálach Robert-Falcon Ouellette foréigean i gcoinne na mban ina cheantar féin i bhféarthailte Manitoba.