Cainteoirí Gaeilge á lorg sa gCóiré Thuaidh

Tá cainteoirí Gaeilge á lorg i mbreis agus 140 tír ar fud an domhain, an Chóiré Thuaidh ina measc, le páirt a ghlacadh sa bhfeachtas idirnáisiúnta #TrasnanadTonnta a thiocfaidh chun críche amárach.  

Go dtí seo, ghlac giolcairí Gaelacha i 61 tír páirt sa bhfeachtas a fhéachfaidh le lucht labhartha na Gaeilge a spreagadh an teanga a úsáid ar líne, cibé cén áit ar domhan a bhfuil siad. Bhí breis agus 80 tír luaite leis an bhfeachtas anuraidh agus súil ag lucht a heagraithe go mbainfear an céad amach roimh dheireadh an lae amárach. 

Dúirt Ian Mac Gabhann, ón eagraíocht Gael Linn, go bhfuil “ag éirí go hiontach” le #TrasnanadTonnta  go dtí seo agus go bhfuil sé “cinnte go mbainfear an sprioc amach”.

“Tá os cionn 60 tír againn ar an léarscáil anois agus tíortha nua ag teacht isteach ar an gcóras gach uair an  chloig. Tá cainteoirí Gaeilge in áiteanna nach mbeifeá  ag súil leo ar chor ar bith, chuir leithéidí na Banglaidéise iontas orm féin. D’éirigh linn duine a aimsiú sa Vatacáin fiú!

“Ba dheas tíortha móra ar nós na Mongóile agus na Graonlainne a fheiceáil ar an léarscáil freisin, líonadh go leor spáis leis an tSín inniu, an Rúis inné agus Meiriceá Thuaidh ag tús na seachtaine. Gan chaint ar an léarscáil, léiríonn an t-eolas atá faighte againn ó Twitter go bhfuil an feachtas ag dul i bhfeidhm go mór ar an bpobal. Bhí muid ag treochtáil ar feadh cúpla uair an chloig i mBaile Átha Cliath agus in Éirinn Dé Luain, ach bheadh sé go deas a bheith ag treochtáil sa gCóiré Thuaidh freisin!” a dúirt sé.

Táthar tar éis teachtaireachtaí a chur ón tSiria, mar a bhfuil Éireannaigh ag troid sa gcogadh sa tír sin, chomh maith leis Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, mar a bhfuil go leor múinteoirí bunscoile ag cur fúthu, i measc áiteanna eile a mbíonn muintir ag tarraingt orthu go minic, an Astráil, an Nua-Shéalainn, Ceanada, agus beagnach gach stát sna Stáit Aontaithe. 

Dúirt Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge, Aodhán Ó Deá, go bhfuil “áthas an domhain” ar an  gConradh tacaíocht a thabhairt don fheachtas agus gur “céim shuntasach” í go bhfuil Twitter féin ag tacú leis an seoladh oifigiúil.

“Tá sé ríshoiléir dúinn san obair a dhéanann muid go bhfuil spéis ollmhór inár dteanga álainn thar sáile. Is fianaise dhoshéanta í #TrasnanadTonnta ar bheocht agus ar neart na Gaeilge ar leibhéal idirnaisiúnta,” a dúirt Aodhán.

Seo thíos liosta de na tíortha nár ghlac páirt go fóill i  #TrasnanadTonnta:

An Aetóip
An Afganastáin
An Ailgéir
An Airméin
An Albáin
An Araib Shádach
An Asarbaiseáin
An Bhealarúis
An Bheilís
An Bhoisnia-Heirseagaivéin
An Bhotsuáin
An Bhulgáir
An Bhurúin
An Bhútáin
An Chambóid
An Chasacstáin
An Chirgeastáin
An Chóiré Theas
An Chóiré Thuaidh
An Chosaiv
An Cósta Eabhair
An Eastóin
An Eiritré
An Ghabúin
An Ghaimbia
An Ghréig
An Ghuáin
An Ghuine
An Ghuine Mheánchiorclach
An Iaráic
An Iaráin
An Iordáin
An Íoslainn
An Libia
An Liobáin
An Liotuáin
An Mhacadóin
An Mhaláiv
An Mháratáin
An Mhicrinéis
An Mholdóiv
An Mhongóil
An Namaib
An Neipeal
An Nígir
An Phacastáin
An Phalaistín
An Phoblacht Dhoiminiceach
An Rómáin
An Táidsíceastáin
An Tansáin
An Téaváin
An tSalvadóir
An tSeic
An tSeineagáil
An tSeoirsia
An tSíle
An tSiombáib
An tSlóivéin
An tSlóvaic
An tSomáil
An tSúdáin Theas
An Túinéis
An Tuirc
An Tuircméanastáin
An Úcráin
Andóra
Angóla
Antigua agus Barbúda
Bairéin
Barbadós
Beinin
Brúiné
Buircíne Fasó
Camarún
Catar
Cireabaití
Cósta Ríce
Cuáit
Cúba
Djibouti
Doiminice
Eacuadór
Éimin
Fidsí
Gána
Greanáda
Guatamala
Guine-Bissau
Háití
Hondúras
Iamáice
Laos
Leosóta
Lichtinstéin
Madagascar
Maenmar
Mailí
Málta
Monacó
Montainéagró
Mósaimbíc
Na Bahámaí
Na Séiséil
Nárú
Nicearagua
Nua-Ghuine  Phapua
Oileáin Mhaildíve
Oileáin Mhuirís
Oileáin Palau
Oileáin Sholomón
Oileán Chomóra
Oileán Marshall
Oileán na Tríonóide
Óman
Panama
Paragua
Peiriú
Poblacht an Chongó
Poblacht Dhaonlathach an Chongó
Poblacht na hAfraice Láir
Rinn Verde
Ríocht eSuaitíní
Ruanda
Saint Lucia
Samó
San Críostóir-Nimheas
San Mairíne
San Uinseann agus na Greanáidíní
São Tomé
Sead
Siarra Leon
Srí Lanca
Suranam
Tíomór Thoir
Tóga
Tonga
Túvalú
Uganda
Úisbéiceastáin
Uragua
Vanuatú
Veiniséala
Vítneam
SCÉALTA EILE