Cainteoirí Gaeilge in 102 tír páirteach i #TrasnanadTonnta

Ghlac giolcairí in 102 tír páirt sa bhfeachtas #TrasnandTonnta, a bhí ar siúl ar Twitter an tseachtain seo caite. 

Ba é Fran Ó hAodha, Baile Átha Cliathach atá san Iaráic i láthair na huaire, a sheol giolc ón 100ú  tír (an Iaráic) níos lú ná dhá uair an chloig roimh mheán oíche ar an lá deireanach den fheachtas.

Tháinig giolcacha ón gCasacstáin agus ó Fhidsí ina dhiaidh sin, thug líon na  dtíortha a ghlac páirt sa bhfeachtas suas go 102. Leag lucht eagraithe an fheachtais: ICUF, Fulbright agus Conradh na Gaeilge, an sprioc síos 100 tír a bhaint amach  i  rith na seachtaine. Ghlac breis agus 80 tír páirt sa bhfeachtas anuraidh. 

Dúirt Aodhán Ó Deá, Oifigeach Forbartha Chonradh na Gaeilge, gur chuir sé áthas air gur spreagadh daoine nár labhair an Ghaeilge le fada páirt a ghlacadh sa gcomhrá mór a bhí ar bun an tseachtain seo caite. 

“Bhíomar iontach  sásta gur ghlac daoine in 102 tír páirt i #TrasnanadTonnta ar deireadh. Ón Airméin go dtí an tSiombáib, bhí idir fhoghlaimeoirí  agus chainteoirí  dúchais páirteach sa chomhrá ar líne i gcaitheamh na seachtaine. 

“Ceann de na buaicphointí domsa go pearsanta ná na céadta comhrá a fheiceáil ó dhaoine nár labhair Gaeilge le blianta anuas. Tá súil agam go leanfaidh na daoine sin ag glacadh páirt i bpobal domhanda na Gaeilge agus iad tar éis nascadh le Gaeilgeoirí eile ar líne den chéad uair b’fhéidir. Tús maith, leath an spraoi!” a dúirt sé. 

Cuireadh teachtaireachtaí ón tSiria, mar a bhfuil Éireannaigh ag troid sa gcogadh sa tír sin, chomh maith leis Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, mar a bhfuil go leor múinteoirí bunscoile ag cur fúthu, i measc áiteanna eile a mbíonn muintir ag tarraingt orthu go minic, an Astráil, an Nua-Shéalainn, Ceanada, agus beagnach gach stát sna Stáit Aontaithe. 

Dírithe ar “ghlantosaitheoirí agus chainteoirí  líofa” araon a bhí #TrasnanadTonnta, agus chonacthas le lucht labhartha na Gaeilge a spreagadh an  teanga a úsáid  ar líne,  cibé áit ar domhan a  raibh siad.

Anuraidh  seoladh os cionn 10,600 giolc faoin haischlib. Beidh staitisticí agus eolas breise faoi fheachtas na bliana seo á bhfoilsiú ar NÓS sna laethanta amach romhainn.

Seo thíos na tíortha a ghlac páirt in 2019: 

1 🇮🇪  Éire 2 🇺🇸 Na Stáit Aontaithe 3 🇨🇦Ceanada 4 🏴󠁧󠁢󠁥󠁮󠁧󠁿 Sasana 5 🏴󠁧󠁢󠁷󠁬󠁳󠁿 An Bhreatain Bheag
6 🏴󠁧󠁢󠁳󠁣󠁴󠁿Albain 7 🇪🇸 An Spáinn 8 🇷🇸 An tSeirb 9 🇲🇦 Maracó 10 🇯🇵 An tSeapáin
11 🇸🇪 An tSualainn 12 🇳🇿 An Nua-Shéalainn 13 🇭🇰 Hong Cong 14 🇦🇺 An Astráil 15 🇩🇰 An Danmhairg
16 🇧🇪 An Bheilg 17 🇫🇷 An Fhraince 17 🇫🇷 An Fhraince 18 🇧🇷 An Bhrasaíl 19 🇮🇹 An Iodáil
20 🇪🇬 An Éigipt 21 🇩🇪 An Ghearmáin 22 🇸🇾 An tSiria 23 🇵🇹 An Phortaingéil 24 🇵🇱 An Pholainn
25 🇲🇽Meicsiceo 26 🇭🇷 An Chróit 27 🇦🇪Aontas na nÉimíríóchtaí Arabacha 28 🇳🇴 An Iorua 29 🇮🇳 An India
30 🇱🇻 An Laitvia 31 🇳🇬 An Nigéir 32 🇦🇷 An Airgintín 33 🇱🇷 An Libéír 34 🇨🇭 An Eilvéis
35 🇿🇲 An tSaimbia 36 🇨🇾 An Chipir 37 🇧🇩 An Bhanglaidéis 38 🇵🇭 na hOileáin Fhilipíneacha 39 🇮🇲Oileán Mhanann
40 🇸🇬Singeapór 41 🇨🇴 An Cholóim 42 🇮🇩 An Indinéis 43 🇷🇺 An Rúis 44 🇿🇦 An Afraic Theas
45 🇳🇱 An Ísiltír 46 🇰🇪 An Chéinia 47 🇧🇴 An Bholaiv 48 🇦🇹 An Ostair 49 🇲🇾 An Mhalaeisia
50 🇮🇱Iosrael 51 🇸🇩 An tSúdáin 52 🇱🇺Lucsamburg 53 🇫🇮 An Fhionlainn 54 🇹🇿 An Tansáin
55 🇹🇼 An Téaváin 56 🇲🇹Málta 57 🇳🇵Neipeal 58 🇧🇬 An Bhulgáir 59 🇸🇦 An Araib Shádach
60 🇨🇺Cúba 61 🇹🇭 An Téalainn 62 🇸🇻 An tSalvadóir 63 🇪🇪 An Eastóin 64 🇴🇲Óman
65 🇻🇦 An Vatacáin 66 🇨🇳 an tSín 67 🇲🇱 Mailí 68 🇨🇷 Cósta Ríce 69 🇭🇺 An Ungáir
70 🇶🇦Catar 71 🇹🇷 An Tuirc 72 🇸🇰 An tSlóvaic 73 🇱🇹 An Liotuáin 74 🇯🇴 An Iordáin
75 🇬🇷 An Ghréig 76 🇵🇸 An Phalaistín 77 🇬🇪 An tSeoirsia 78 🇦🇲 An Airméin 79 🇮🇸 An Íoslainn
80 🇪🇨Eacuadór 81 🇺🇬Uganda 82 🇨🇲Camarún 83 🇲🇩 An Mholdóiv 84 🇨🇮 An Cósta Eabhair
85 🇷🇴 An Rómáin 86 🇻🇳Vítneam 87 🇰🇷 An Chóiré Theas 88 🇪🇹 An Aetóip 89 🇰🇼Cuáit
90 🇦🇱 An Albáin 91 🇲🇿Mósaimbíc 92 🇨🇿 An Seicia 93 🇱🇰 Srí Lanca 94 🇻🇪Veiniséala
95 🇵🇾Paragua 96 🇺🇾Urugua 97 🇿🇼 An tSiombáib 98 🇵🇪 Peiriú 99 🇺🇦 An Úcráin
100 🇮🇶An Iaráic 101 🇰🇿 An Chasacstáin 102 🇫🇯 Fidsí
SCÉALTA EILE