Beidh ‘campa eachtraíochta’ á chur ar fáil do dhéagóirí na Gaeltachta ag Coláistí Chorca Dhuibhne, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, an samhradh seo. Beidh imeachtaí eachtraíochta ar nós na cadhcála, na sléibhteoireachta, na campála, agus imeachtaí eile nach iad á reáchtáil i gcroílár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne i mí Lúnasa agus súil ag lucht eagraithe an champa óige na Gaeltachta a thabhairt le chéile “chun spraoi a bheith acu le daoine óga Gaeltachta eile agus chun an Ghaelainn a labhairt lena linn”.
“Beidh béim ar imeachtaí rannpháirtíochta amuigh faoinaer ar an gcúrsa seo, mar shampla cadhcáil agus sléibhteoireacht, le ceardlanna agus aoichainteoirí spreagúla chomh maith chun tábhacht na teanga agus a húsáid sa Ghaeltacht a chur in iúl do na déagóirí i slí spéisiúil agus tarraingteach.
“Tá sé fíorthábhachtach deiseanna a chruthú do dhéagóirí na Gaeltachta an Ghaelainn a úsáid i measc daoine óga eile. Cuirfear béim sa chúrsa seo ar imeachtaí taitneamhacha spraíúla, ach ar shaibhreas teanga, féiniúlacht Ghaeltachta agus scileanna comhoibrithe chomh maith,” a dúirt comhordaitheoir an chúrsa Hannah Ní Chonghaile.
Táthar ag súil go gcruthófar nascanna agus caidrimh idir daoine óga i gceantracha Gaeltachta lasmuigh dá gceantar féin agus go dtabharfar an cairdeas nua ar aghaidh i saol i ndaoine óga. Táthar ag súil freisin go mbeidh “ábhar machnaimh fén luach a bhaineann leis an nGaelainn agus leis an nGaeltacht” ann do na daoine óga a ghlacfaidh páirt sa chúrsa.
Seachtain a mhairfidh an campa cónaithe agus beidh costas €550 air, ach beidh scoláireachtaí €400 á gcur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta sa chaoi is nach mbeidh ach €150 le díol ag na tuismitheoirí/caomhnóirí.
Tá coinníollacha áirithe ag baint leis an gcampa agus is do dhaoine óga Gaeltachta amháin atá sé.
“Ní ghlacfar ach le déagóirí atá ag maireachtaint go lánaimseartha i gceantar Gaeltachta agus a labhraíonn an Ghaelainn mar phríomhtheanga. Táthar ag súil go dtiocfaidh déagóirí ó cheantracha Gaeltachta éagsúla agus, chuige sin, ní ghlacfar le grúpaí móra cairde ó aon áit amháin,” a deir lucht an champa.
Beidh an campa ar siúl on 9-16 Lúnasa 2023 agus caithfidh na daoine óga a léireoidh spéis ann a bheith ar fáil don chúrsa iomlán. Is do dhaoine idir 13 agus 15 bliana d’aois, cailíní agus buachaillí, an cúrsa.
Dála na mílte scoláirí Gaeilge a thagann chun na Gaeltachta bliain i ndiaidh bliana, is le mná agus fir tí na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne a bheidh na daoine óga seo ag fanacht. Glacfar le 36 duine ar an gcampa ar a mhéid.
Ní mór do dhaoine ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa chúrsa spéis a léiriú roimh an 10 Aibreán. Is féidir ceisteanna faoin gcampa a chur ar hannah@cfcd.ie.