Anuraidh cuireadh múnla nua maoinithe i bhfeidhm ar earnáil na Gaeilge.
Seachas na 16 eagras a bhí ann roimhe, tá anois sé cheanneagraíocht ann chun ár dteanga a chur chun cinn ar fud na tíre.
Ach cad iad na heagrais seo? Agus cé atá i gceannas orthu?
Sa tsraith seo cuireann muid aithne níos fearr ar cheannairí na gceanneagras Gaeilge agus ar an obair a dhéanann siad ar ár son.
Inniu, Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn.
1. An féidir leat cur síos a dhéanamh ar ról nua Gael Linn?
Ag cur le stádas na Gaeilge mar ábhar ag gach leibhéal den chóras oideachais agus ag soláthar deiseanna úsáide d’fhoghlaimeoirí.
2. Cad é an difear is mó idir an ról seo agus an ról stairiúil a bhí ag an eagras?
Táimid anois freagrach as polasaithe i leith na Gaeilge san oideachas a bhreithniú agus as an aosoideachas a chur chun cinn. Athrú eile ná go bhfuil Gael Linn anois freagrach as an scéim Gaelbhratach ar an dá leibhéal scolaíochta.
3. Cad iad na dúshláin is mó a bhaineann leis an chur chuige nua?
Ó thaobh ceisteanna polasaí de, is dúshlán ollmhór é dul i bhfeidhm ar na húdaráis mar go dtógann sé chomh fada sin aon athrú a chur i gcrích.
Maidir leis an aosoideachas, a dtugtar ‘cinderella’ na hearnála air, beimid ag iarraidh breis daoine a mhealladh ar chúrsaí ardchaighdeáin a mbainfidh siad sásamh astu.
4. Cá mhéad ball foirne atá ag Gael Linn agus cá bhfuil siad lonnaithe?
Mar cheanneagraíocht, tá ochtar foirne againn agus beirt eile fostaithe ar bhonn conartha.
Tá ár bpríomhoifig i mBaile Átha Cliath agus tá beirt lonnaithe ó thuaidh, inár n-oifig réigiúnach in Ard Mhacha.
5. Cad iad na seirbhísí a chuireann sibh ar fáil a chuirfidh le saol ‘Ghearóid an Ghnáth-Ghaeilgeora’?
Eagraímid clár leathan imeachtaí do dhaltaí scoile agus bímid ag soláthar eolais faoina bhfuil de chúrsaí agus áiseanna ar fáil do mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge do gach aoisghrúpa.
Bíonn ranganna againn d’aosaigh, foilsímid áiseanna, eagraímid coláistí samhraidh agus déanaimid An Fáinne a dháileadh.
6. Cad é an mhír oibre is mó a thaitníonn leat féin?
Is maith liom an fuinneamh agus an tsamhlaíocht a léiríonn daoine óga inár gcuid imeachtaí, go háirithe i Siansa, Scléip agus Coirm.
7. Cad é an rud is taitneamhaí faoi bheith ag obair i saol na Gaeilge?
An deis a thugann sé bheith in ann saol iomlán a chaitheamh trí Ghaeilge agus casadh ar dhaoine a bhfuil na suimeanna céanna acu.
8. Cén chuma a bheas ar d’eagras, agus ar phobal na Gaeilge, i gceann 5 bliana eile?
Beimid láidir, fuinniúil agus muid aitheanta mar eagraíocht a mbíonn toradh ar ár saothar.
Maidir le ‘pobal na Gaeilge’, an fhaitíos is mó a bheadh orm ná go mbeadh creimeadh tuilleadh tarlaithe ar an nGaeltacht.
Ina choinne sin, le cur chuige pleanáilte, tá súil agam go mbeidh feabhas ar an scéal tríd an tír uile agus go mbeidh rath ar ghnáthúsáid na Gaeilge.
9. Dá mbeadh slat draíochta agat a bheadh in ann aon mhian a chomhlíonadh, cad a dhéanfá leis?
Ag glacadh leis gur faoin nGaeilge atáimid ag caint, bheadh Rialtas ann a bheadh tiomanta don Ghaeilge agus acmhainní mar is ceart ar fáil len í a shaothrú.
10. Mura mbeifeá ag obair le Gael Linn, cén ghairm bheatha eile a bheadh agat?
Cé go mbínn ag múineadh tráth, agus suim agam san oideachas i gcónaí, fós féin bheadh dúil agam san fhoilsitheoireacht.