Anuraidh cuireadh múnla nua maoinithe i bhfeidhm ar earnáil na Gaeilge.
Seachas na 16 eagras a bhí ann roimhe, tá anois sé cheanneagraíocht ann chun ár dteanga a chur chun cinn ar fud na tíre.
Ach cad iad na heagrais seo? Agus cé atá i gceannas orthu?
Sa tsraith seo cuireann muid aithne níos fearr ar cheannairí na gceanneagras Gaeilge agus ar an obair a dhéanann siad ar ár son.
Inniu, Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael.
1. An féidir leat cur síos a dhéanamh ar ról nua d’eagrais in aon abairt amháin?
Tá trí réimse oibre anois ar Ghlór na nGael; Forbairt Phobail, Tógáil Teaghlaigh le Gaeilge agus Forbairt na heacnamaíochta Gaeilge.
2. Cad é an difear is mó idir an ról seo agus an ról stairiúil a bhí ag Glór na nGael?
Forbairt na Gaeilge i measc an phobail ar bhonn comórtais an ról teoranta a bhí ag Glór roimhe seo.
3. Cad iad na dúshláin is mó a bhaineann leis an chur chuige nua?
Tá na feidhmeanna atá bronnta ar Ghlór na nGael réasúnta leathan, rud a bheidh ina bhuntáiste agus ina dhúshlán!
Go gearrthréimhseach is é an dúshlán atá romhainn ná fás ó eagraíocht le seisear fostaithe go heagraíocht le 19 duine fostaithe aici.
Tá struchtúr foirne, riaracháin agus corparáideach le haontú, struchtúr a bheidh in oiriúint don chur chuige nua agus don réimse oibre nua.
4. Cá mhéad ball foirne atá agaibh agus cá bhfuil siad lonnaithe?
Beidh 19 fostaithe mar seo a leanas;
Ceathrar – san oifig in Iúr Chinn Trá, Co an Dúin.
Ceathrar – san oifig i mBaile Átha an Rí, Co na Gaillimhe.
Ceathrar – san oifig i nDún Garbháin, Co Phort Láirge.
Ceathrar – san oifig i Ráth Chairn, Co na Mí.
Beirt comhfhostaithe le Conradh na Gaeilge.
Duine i gcomhpháirt leis an gComhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
5. Cad iad na sheirbhísí a chuireann sibh ar fáil a chuirfidh le saol ‘Ghearóid an Ghnáth-Ghaeilgeora’?
Tá Glór na nGael ag tús ré nua oibre.
Beifear níos gníomhaí ná riamh ag soláthar seirbhísí do “Ghearóid an Gnáth-Ghaeilgeoir” do “Mháire an mamaí le Gaeilge”, agus do “Dheirdre an Duine Gnó le Gaeilge”.
I measc na seirbhísí atá beartaithe do 2015 tá;
– €100,000 mar dhuaischiste don chomórtas 2015 cinntithe.
– Réamhullmhúcháin do Fhéile Nua Náisiúnta Siamsaíochta agus Ceoil 2016.
– Puball Gaeilge a chinntiú ag an bPicnic Leictreach 2015.
– Tionscadal nua teanga tosnaithe leis an gCLG, “An Turas Teanga” agus é mar sprioc go mbeidh 220 club páirteach agus cláraithe i 2015.
– Sraith ceardlanna pleanála teanga do ghníomhairí Gaeilge.
– Sraith ceardlanna tacaíochta pleanála teanga a eagrú do rannpháirtithe Scéim Phobail Ghaeilge.
– Sraith imeachtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a eagrú do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann agus do theaghlaigh gur spéis leo a nós teanga a athrú.
– 600 teaghlach a chlárú mar chuid de Ghlór na nGael.
– 50 grúpa nua Tuismitheoirí agus Leanaí bunaithe faoi dheireadh 2015.
– Fóram Tuismitheora a bhunú a thabharfaidh aiseolais do Ghlór na nGael agus a dhéanfaidh ionchur ar phleananna Ghlór.
– 6 áis spraoi nua a thabhairt ar an mhargadh, ina measc, Monolopy as Gaeilge.
– Margaí nua díolacháin a aimsiú d’fhorbróirí earraí Gaeilge, ina measc, Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta.
– Réamhullmhúcháin a dhéanamh do Rith 2016.
– Seirbhís tacaíochta a chur ar fáil do Chumainn Gaelacha na nInstitiúidí Tríú Leibhéil.
– Seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí Éireannacha thar lear.
– Seirbhís tacaíochta a chur ar fáil do scoileanna lánGhaeilge trí bhainistiú a dhéanamh ar leabharlann soghluaiste COGG.
6. Cad é an mhír oibre is mó a thaitníonn leat féin?
Tionscadal nua a bhunú a imríonn tionchar ar úsáid na teanga.
7. Cad é an rud is taitneamhaí faoi bheith ag obair i saol na Gaeilge?
Na daoine a chastar orm go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
8. Cén chuma a bheas ar d’eagras, agus ar phobal na Gaeilge, i gceann 5 bliana eile?
Beidh Glór na nGael i mbun níos mó pairtnéireachtaí straitéiseacha le heagrais ghaolmhara cultúrtha agus eile, mar atá déanta leis an gCLG.
Beidh na ceanneagrais náisiúnta Ghaeilge ag obair as lámha a chéile agus ag feidhmiú go straitéiseach ar mhaithe le pobail Ghaeilge labhartha a chruthú.
9. Dá mbeadh slat draíochta agat a bheadh in ann aon mhian a chomhlíonadh, cad a dhéanfá leis?
Dhéanfainn ceithre ábhar ar churaclam na bunscoile a mhúineadh trí mheán na Gaeilge, an rogha chuige sin a chur ar fáil ó thuaidh agus ráta fáis na scoileanna lánGhaeilge a mhéadú go mór.
Taobh leis sin, chinnteoinn pobal labhartha Gaeilge (scoil-phobail Ghaeilge) timpeall ar na scoileanna lánGhaeilge ar fad.
10. Muna mbeifeá ag obair le Glór na nGael cén gairm bheatha eile a bheadh agat?
Is dócha go mbeinn ag plé le hiriseoireacht.