Tháinig rialacháin nua i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag inniu a chinntíonn go mbeidh pobal na Breatnaise ag slaparnach san uisce ina dteanga féin feasta!
Ón lá inniu ar aghaidh tá dualgas ar údaráis áitiúla cúrsaí oideachais a chur ar fáil sa Bhreatnais, mar atá ranganna snámha agus a leithéid d’imeachtaí oideachasúla.
Baineann na rialacháin nua le gach saghas seimineáir, gach ceardlann, caint nó rang a reáchtálfar taobh amuigh den seomra ranga.
Chuir Manon Elin, urlabhraí ón eagraíocht feasachta teanga Cymdeithas yr Iaith, fáilte mhór roimh na rialacháin nua.
“Is ríthábhachtach ranganna snámha agus a leithéid d’imeachtaí a chur ar fáil sa Bhreatnais, ní amháin chun beocht a thabhairt don teanga taobh amuigh den seomra ranga ach chun meas a léiriú do pháistí, ó cibé cúlra, a bhfuil de cheart acu foghlaim agus sult a bhaint as teanga a dtíre,” ar sí.
Cúis áthais atá ann go bhfuil dualgas ar chomhairlí áitiúla ar fud na tíre, ranganna snámha agus cúrsaí oideachasúla eile a chur ar fáil sa Bhreatnais ach mheabhraigh urlabhraí Cymdeithas go bhfuil ról anois ag an phobal cinntiú go gcloítear leis na rialacháin nua.
Tá molta go ndéanfar teagmháil leis na húdaráis agus na hionaid áitiúla spóirt le cinntiú go bhfuil siad chun seirbhísí a chur ar fáil i gCymraeg.
Chomh maith le ranganna snámha trí mheán na Breatnaise, cinntíonn na rialacháin nua go bhfuil dualgas ar eagraíochtaí stáit caighdeán áirithe a bhaint amach i dtaca le seirbhísí a chur ar fáil sa Bhreatnais.
Is féidir le cainteoirí Breatnaise a bheith ag súil le plé a dhéanamh le heagrais stáit sa Bhreatnais anois agus eolas a fháil ar shuímh na n-eagraíochta ina dteanga féin.
Bígí ag tumadh isteach, a mhuintir Cymru!