Cearta teanga á n-éileamh ag Béarlóirí Chamarúin

Tá cainteoirí Béarla i gCamarún ag éileamh a gceart maidir le cúrsaí teanga sa tír dhátheangach. Thug Aire Ealaíon agus Cultúir an rialtais reatha bille os comhair pharlaimint Chamarúin an tseachtain seo a chuirfeadh an dátheangachas Béarla-Fraincise chun cinn. 

Dúirt an tAire Pierre Ismael Bidoung Kpwatt, a chuir an bille faoi bhráid na parlaiminte gur “léiriú ar thiomantas an rialtais” a chuirfidh le “oidhreacht roinnte na tíre”.

“Tá sé mar aidhm ag an mbille cultúr ceart an dátheangachais a chur i réim inár dtír. Cinnteoidh an rialtas leis an mbille seo, trí oiliúint agus mhodhanna eile, go mbeidh an Fhraincis agus an Béarla araon chun cinn i gcomhlachtaí stáit agus i gcomhlachtaí príobháideacha inár dtír,” a dúirt sé. 

Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis agus ag an mBéarla i gCamarún, ach is mionlach iad na cainteoirí Béarla agus gan ach 20% den daonra arb é an Béarla a rogha teanga é. Is le fada an lá atá an pobal Béarla sin ag gearán faoi easpa seirbhísí agus measa dá dteanga.

Dhá bhliain ó shin, d’éirigh idir cainteoirí Béarla agus an stát Fraincise le linn agóide faoi chúrsaí teanga agus rudaí eile. Tá an foréigean a tosaíodh le linn na hagóidíochta sin in 2017 fós ag dul ar aghaidh i gCamarún. 

An mhí seo caite, d’ordaigh uachtarán Chamarúin Paul Biya go n-earcófaí 500 aistritheoir agus ateangaire sa státseirbhís mar chuid d’iarracht deireadh a chur leis an aighneas i gceantar Béarla Chamarún. 

Tá beagnach 250 teanga á labhairt i gCamarún, cé nach bhfuil stádas ach ag an mBéarla agus an Fhraincis. Is teangacha oifigiúla stáit iad an dá theanga choilínithe sin, ach tá stádas ‘náisiúnta’ ag na scórtha teangacha eile, teangacha dúchais na tíre agus teangacha atá dúchasach do thíre in aice Chamarúin. Úsáidtear Teanga Chomharthaíochta Mheiriceá agus Teanga Chomharthaíochta Fhraincis na hAfraice ann, chomh maith le Fraincis phidsin agus Béarla pidsin. 

Cé gur “tír dhátheangach” í Camarún, is beag duine sa tír a bhfuil an Fhraincis agus an Béarla acu, agus is iomaí duine nach bhfuil ceachtar den dá theanga oifigiúla acu. 

SCÉALTA EILE