Ceiliúradh mór beartaithe agus CnaG Londan 125 bliain ar an bhfód

Tá ceiliúradh mór beartaithe ag lucht Chonradh na Gaeilge in London an fómhar seo, 125 bliain ó bunaíodh an chéad chraobh den eagraíocht i bpríomhchathair Shasana. Ba ar an 9 Samhain 1896 a tháinig cainteoirí Gaeilge London le chéile in 55 Chancery Lane i lár na cathrach le Craobh de chuid na heagraíochta teanga a chur ar bun. Ní raibh an eagraíocht ar an bhfód in Éirinn féin ach trí bliana ag an am.

Amárach a chuirfear tús leis an gceiliúradh a bheidh ar siúl ar feadh cúpla seachtain in London. Beidh seoladh oifigiúil ann agus tabharfar caint ar stair na craoibhe ag ócáid dhátheangach ar líne. Seolfar comórtas ealaíne ag ócáid na hoíche amárach freisin. 

Sna seachtainí amach romhainn beidh imeachtaí agus ócáidí eile ar siúl leis an gcloch mhíle mhór a ceiliúradh. Tabharfar léachtaí ar líne ar ról na Gaeilge in Éirinn agus in London sa lá atá inniu ann, taispeánfar scannáin sa London Irish Centre, beidh bileoga eolais á ndáileadh ar bhaill na craoibhe agus ar phobal London faoi obair Chonradh na Gaeilge sa chathair, agus ar an 9 Samhain beidh an ceiliúradh mór ar bhunú na craoibhe. 

Ag cruinniú cinn bhliana Chonradh na Gaeilge Londan a chuirfear clabhsúr oifigiúil leis an gceiliúradh mór agus fógrófar buaiteoir an chomórtais ealaíne. Beidh tuilleadh eolais faoi na himeachtaí sin ar na meáin shóisialta agus ar nuachtlitir na craoibhe. Tá cuireadh oscailte tugtha ag lucht Chonradh na Gaeilge in London do dhuine ar bith ar spéis leis an ócáid a cheiliúradh bheith i láthair ag na hócáidí éagsúla. 

Is iomaí duine mór le rá a bhí páirteach i gConradh na Gaeilge in London i gcaitheamh na mbliana, Mícheál Ó Coileáin ina measc. Chuaigh an Coileánach go London agus é 15 bhliana d’aois agus ba ann a chláraigh sé le Cumann Lúthchleas Gael agus le Conradh na Gaeilge. Ba tríd na heagraíochtaí sin a tháinig sé i dteagmháil den chéad uair le lucht na IRB agus ghlac sé mionn san eagraíocht sin freisin. 

Bhí an scríbhneoir aitheanta Pádraic Ó Conaire ina bhall den chraobh in London agus é ina chónaí sa chathair sin. D’aistrigh sé go London ag tús an chéid seo caite agus chaith sé go leor dá shaol ann. Mhúineadh sé ranganna Gaeilge leis an gConradh in Bishopsgate, Vauxhall, Bermondsey, Clapham agus Fulham, agus ba in London a bhí sé nuair a thosaigh sé ag scríobh i nGaeilge. 

 Tá Craobh Londan an-ghníomhach arís le cúpla bliain anuas agus bhí baint mhór acu leis an troid ar son mhuintir Chatháin in Coventry. Theastaigh ó mhuintir Margaret Keane, a bhásaigh anuraidh, go ngreanfaí ‘Inár gcroí go deo’ ar leac uaighe a máthar. Dhiúltaigh údarás áitiúil na heaglaise i Sasana cead a thabhairt dóibh scríbhinn Gaeilge a ghreanadh ar an leac. Ba ag muintir Chatháin, le cúnamh Chonradh na Gaeilge Londan, a bhí an lá sa deireadh. 

Chomh maith leis sin, ba iad lucht na craoibhe in London, i gcomhar le cainteoirí Gaeilge Liverpool agus cúpla dream eile, a d’eagraigh Comhdháil na Breataine an samhradh seo, an chéad tionól dá leithéid do chainteoirí Gaeilge sa Bhreatain. 

SCÉALTA EILE