Ceist chríche í ceist na Gaeilge, agus tá lonnaíochtaí teanga riachtanach

The maintenance of a language generally rests upon the continuation of settings in which that language, and no other, is required. I have called these settings the domains of necessity, and they include the home, the school, and the workplace. There are many other domains, of course, but those in which participation is voluntary, sporadic, or idiosyncratic are not likely to be central to language maintenance… contemporary scholars have placed so much emphasis on the family: so long as the children learn at their mother’s knee, surely the parental language will continue. In an isolated sense this is true, but it neglects the fact that even family members have to go out into the world beyond the garden gate.” – John Edwards, Sociolinguistics: A very short introduction

Ar bhealach, tá ag éirí le polasaí oifigiúil Phoblacht na hÉireann i dtaca leis an Ghaeilge, is é sin í ‘a chur chun cinn’.

De réir dhaonáireamh 2022, bhí ‘labhairt na Gaeilge’ ag 1,873,997 duine sa stát oíche an chuntais, ardú 6.4% ó 1,761,420.

Sin líon mór daoine agus ní ceart neamhaird iomlán a dhéanamh de. Is féidir leis an stát, Foras na Gaeilge agus leis na heagraíochtaí móra Gaeilge an ‘dul chun cinn’ sin a úsáid mar fhianaise go bhfuil rath ar a gcuid iarrachtaí agus ar a gcur chuige.

Ar an lámh eile, tháinig laghdú ar líon na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá: 71,968, tite ó 73,803 in 2016. Sin cailliúint 1,835 duine.

Bhí an scéal go holc sa Ghaeltacht chomh maith, cé go raibh dóchas éigin le mothú in áiteanna áirithe, dar liom. Ar an iomlán, chaill an Ghaeltacht 1.6% dá cainteoirí laethúla sa tréimhse 2016-2022, tite ó 20,586 go 20,261.

Mar sin de, cé go bhfuil eolas éigin ar an teanga ag líon mór daoine, tá líon na ndaoine a roghnaíonn í a úsáid go laethúil beag bídeach, agus ag titim.

Shílfeá go gcuirfeadh drochthorthaí mar seo, don dara daonáireamh as a céile, gluaiseacht na Gaeilge ag machnamh ar an aidhm atá aici agus cén dóigh a mbainfear amach í. Óir is soiléir nach bhfuil an méid atá ar siúl faoi láthair ag obair – más ag smaoineamh ar an Ghaeilge mar fhíor-theanga seachas mar theanga chultúrtha atá muid.

Déanann na mílte daoine maithe, grúpaí maithe agus eagraíochtaí maithe obair den scoth ar son na teanga ach tá ag cliseadh orainn de bhrí nach bhfuil an fhís cheart againn. Síleann daoine gur leor an Ghaeilge a theagasc chun í a athbheochan ach is ionann sin agus a bheith amharc ar na siomptóim seachas ar na cúiseanna, dearcadh coitianta maidir le mionteangacha dar le John Edwards, atá luaite thuas:

In any event, attempts to reverse language shift generally reveal that attention to symptoms rather than causes is likely to be fruitless. One doesn’t cure measles by putting bandages over the spots. And attending to the causes that underpin language shift is extremely difficult, short of revolutionary upheavals that are usually seen as impractical or unattractive.”

‘Lámh in uachtar’

Scríobh mé cheana faoin aidhm shimplí ba chóir a bheith ag Gaeilgeoirí, dar liom: dlús a bhaint amach.

Is é sin ceantair ina mbeadh ard-dlús Gaeilgeoirí ann, ina mbeadh lámh in uachtar ag an Ghaeilge agus ina mbeadh sé riachtanach Gaeilge a bheith ag duine chun páirt iomlán a ghlacadh sa phobal. Ceantar ina mbeadh stádas na mórtheanga ag an mhionteanga é Gaelphobal, ceantair ina mbeadh cearta ag lucht na Gaeilge, ceantair nach mbeadh ar Ghaeil géilleadh do Bhéarlóirí go huathoibríoch. Ceantar ina mbeadh na ‘domains of neccesity’ ar fad ann.

Sin mar a bhí Éire go stairiúil agus sin mar a bhí an Ghaeltacht go dtí le déanaí. Sin mar atá an náisiúnstát go ginearálta.

Tuigim, áfach, go bhfuil an oiread sin stádais (go sochaíoch agus go hinstitiúideach) caillte ag an Ghaeilge faoin tráth seo go bhfuil cuma radacach ar an smaointeoireacht sin, cé nach bhfuil i gceist leis ach an ghnáth-staid i gcás mórtheangacha.

Lena chois sin, scríobh mé cheana faoi na trí chuspóir ba cheart a bheith ag gluaiseacht na Gaeilge agus ag eagraíochtaí Gaeilge araon (go háitiúil agus go náisiúnta) chun an dlús a bhaint amach:

  • Líon na gcainteoirí laethúla a mhéadú
  • Páistí a bhfuil an Ghaeilge acu mar chéad-teanga a mhéadú
  • Ceantair Ghaeilge a chaomhnú / a fhorbairt

Mar sin de, más dlúthú nó dlús an aidhm sa mheántréimhse, cad faoin fhadtréimhse?

Dul chun cinn ó thaobh méadú críche de, sin an t-aon chritéar is fiú a úsáid le tomhas a dhéanamh ar na hiarrachtaí atá ar bun chun aistriú teanga a aisiompú – tá gach critéar tomhais eile tánaisteach, óir tá pobal agus dlús de dhíth ar shealbhú teanga agus ar sheachadadh teanga ó ghlúin go glúin.

Seo a leanas eithne na faidhbe, dar liom.

Faigheann mionteangacha bás. Ní féidir le mionteanga mhionlaithe maireachtáil ar chor ar bith. Tá gach mionteanga ag fáil bháis.

Caithfidh an mhionteanga tiontú ina mórtheanga. Ní féidir sin i dtéarma ginearálta ag leibhéal an stáit mar atá sé faoi láthair, ach is féidir spásanna, nó pobail, a chruthú inar féidir leis an teanga mhionlaithe a bheith ina mórtheanga.

Níor chóir go mbeadh fáilte ar bith roimh an Bhéarla sna spásanna fisciúla seo. Níor chóir go mbeadh cros, veto, ag cainteoirí Béarla ar iompar teanga gach duine eile mar cheart.

Ach ní bhíonn gluaiseacht na Gaeilge ag díriú ar a leithéid d’aidhm – sin an fáth ar theip ar Athbheochan na Gaeilge agus a bhfuil an teanga ag dul i léig i rith an ama. Táthar ag amharc ar na siomptóim, ní ar na cúiseanna.

Ba chóir dúinn a bheith ag smaoineamh ar an cheist teanga mar cheist chríche.

Réaltacht nua le cruthú

Caithfear meath teanga a thuiscint mar cheist chríche go príomha óir gan pobail aitheanta ar leith ina bhfuil lámh in uachtar ag an teanga sin (maidir le líon cainteoirí agus ceannas sochaíoch araon), ní féidir leis an teanga sin maireachtáil san fhadtéarma. Mura bhfuil ann ach gréasáin cainteoirí, imeoidh siad de réir a chéile go bunúsach, beag beann ar cé chomh dílis atá siad don teanga, mar gheall ar easpa seachadta idirghlúine nó teip ar an seachadadh idirghlúine.

Uime sin, caithfear dlúthú cainteoirí a bheith ina aidhm acu sin atá ag iarraidh aistriú teanga a aisiompú, chun tearmann a chruthú do na cainteoirí sin, chun ceannas na teanga i ngach réimse den dlúthphobal sin a chinntiú, rud a dhéanfadh seachadadh idirghlúine na teanga a éascú.

Is é sin le rá, má bhaintear amach tairseach chriticiúil cainteoirí agus má sháraítear í go fiú, is féidir cuid mhór a chur i bhfeidhm ag pointe cinntitheach ar leith: is gníomh é sin a chruthódh réaltacht nua teanga (agus polaitiúil) agus a d’imreodh tionchar ar chleachtas teanga an dlúthphobail, agus ar an mhórphobal thart air dá réir (sa chaoi sin bheadh deis ag lucht labhartha an Bhéarla Gaeilge a fhoghlaim, mar is ceart, rud nach féidir i gcomhthéacsanna ‘dátheangacha’).

Ceist chríche

Ceist chríche is ea athréimniú teanga agus caithfear é a mheas ar an dóigh sin. Is féidir go sílfeadh líon áirithe de chainteoirí Gaeilge go bhfuil an dearcadh agus an cur chuige sin achrannach, fiú sa chás ina n-aontaíonn siad leis an loighic taobh thiar de.

I ndeireadh na dála, áfach, i dtaca leis an bhunús moráltachta atá leis an chur chuige, ní mór é a mheas mar phróiseas chun éagóir stairiúil a chur ina ceart, chomh maith le gníomh atá riachtanach ó thaobh na praiticiúlachta de.

Sa dara dul síos, ba chóir do lucht na Gaeilge a bheith feasach gur beag duine in Éirinn a mheasann gur fadhb é galldú na Gaeltachta, próiseas atá ag dul ar aghaidh leis na céadta blianta anuas. Glactar leis an phróiseas sin mar rud nádúrtha. Mar shampla, meastar gur cearta absalóideacha iad an ceart chun dul a chónaí in cibé áit ar mhaith leat agus an ceart chun Béarla amháin a bheith agat agus a labhairt. Ní bhítear ag smaoineamh ar riachtanais na Gaeltachta nó ar an ghá le teanga na háite a chothú.

Meastar gur ceart absalóideach é teach saoire a bheith ag duine freisin, d’ainneoin an tionchair a imríonn a leithéid ar na pobail óstacha agus d’ainneoin go mbíonn na tithe seo folamh bunús an ama.

Uime sin, cén fáth a mbeadh fadhb mhorálta ag cainteoir Gaeilge le cainteoirí eile Gaeilge a bheith ag roghnú cur fúthu i gceantar ar leith – agus ar an chaoi sin, ag athrú leagan amach teangeolaíochta an cheantair sin ar ais go dtí an teanga a labhródh ann go dtí le déanaí, ar feadh na mílte blianta?

Lonnú

Tá siad ann, measaim, a bheadh míchompordach le coincheap an ‘lonnaithe’, i. daoine a mhealladh chun cur fúthu i gceantar mar gheall ar an Ghaeilge. Tá daoine ann fosta a cheapfadh gur gníomh ‘saorga’ é an lonnú sin, gur rud ‘mínádúrtha’ a bheadh ann.

Tarlaíonn sé cheana féin, áfach, gach lá, i saol na Gaeilge agus taobh amuigh de – is cuid den saol nua-aimseartha é.

Tá an dea-thoradh ar ‘lonnú’ san iar-Ghaeltacht soiléir. Tá na céadta Gaeilgeoirí tar éis iad féin a lonnú i mBéal Feirste, cuir i gcás, iad meallta ag deiseanna staidéir agus oibre, sna meáin, in earnáil an oideachais agus in earnáil na n-eagras Gaeilge, gan trácht ar an saol sóisialta.

Chomh maith leis sin, d’imir cainteoirí dúchais Gaeltachta a bhí ag cur fúthu sa chathair tionchar ar shaol na Gaeilge ó bhí tús na hathbheochana ann.

Mheall na Gaeltachtaí go leor Gaeilgeoirí siar fosta, bhí agus tá tionchar dearfach ag na daoine sin ar úsáid na Gaeilge ann.

Is fíor fosta, áfach, go meallann deiseanna fostaíochta (agus an dea-shaol i gcoitinne) na mílte daoine eile chun cur fúthu sa Ghaeltacht, an chuid is mó acu gan Ghaeilge agus gan spéis acu í a fhoghlaim (nó má fhoghlaimíonn siad í, ní ghlactar leo mar chuid den phobal teanga).

Ní chloistear mórán de raic faoi sin. Cé go ndéanann an imirce seo an-dochar don Ghaeilge, meastar go bhfuil sí go hiomlán inghlactha agus go mbeadh sé do-ghlactha cur ina coinne, cé go ndéantar iarracht éigin sciar de thithíocht nua a chur i leataobh do lucht labhartha na Gaeilge.

Ar a bharr sin, caithfear a chur san áireamh go bhfuil nádúr agus carachtar go leor leor bailte in Éirinn á n-athrú ag an imirce (inmheánach den chuid is mó) le daoine ag teacht isteach iontu mar gheall ar dheiseanna fostaíochta agus de bhrí go bhfuil siad gar do bhailte móra / cathracha nó sa chrios comaitéireachta.

Arís, ní thógtar raic faoi, glactar leis mar ‘dhul chun cinn’, mar thoil an mhargaidh, ní mheastar go bhfuil an lonnú seo saorga nó mínádúrtha.

Mar sin de, cén fáth a mothódh Gaeilgeoirí ciontach as teacht le chéile i mbaile éigin, ar bhóthar éigin, nó faoi scéim thithíochta a thógáil?

Cad a bheadh ‘mínádúrtha’ faoina leithéid?

Ní bealach ar bith eile ann, mar a léiríonn Daonáireamh 2022.

Athdhlúthú atá san athneartú, agus is ceist chríche í athbheochan teanga.

Ach más Gael thú nach bhfuil ag iarraidh pobail labhartha a fhorbairt, nach bhfuil sé in am duit do chás féin a chur chun tosaigh? Abair linn, cad atá uait?

SCÉALTA EILE