Cén fáth a ndeir muid ‘béar’, ‘broc’, agus ‘mac tíre’ in áit ‘art’, ‘tadhg’, agus ‘faol’?
Le beagnach 80 bliain anuas, baineann antraipeolaithe feidhm as dhá fhocal Māori le úsáid na bhfocal sin a mhíniú. Is iad na focail atá i gceist ná tapu (taboo nó tabú) agus noa.
Bhí rudaí ann, ainmhithe go háirithe, a raibh eagla ar dhaoine rompu. Bhí baol ag baint lena iad a ainmniú lena bhfíorainm. Is féidir go gcloisfeadh an t-ainmhí a ainm agus go dtiocfadh sé! Bhí tapu ar úsáid an ainm sin dá bhrí sin.
Céard a rinne daoine, in áiteanna ar fud an domhain, nuair a bhí orthu ainmhí contúirteach a lua? Bhain siad feidhm as téarma noa, focal nó focail a bhí sábháilte agus saor ón tabú.
Bhíodh focal dúchasach ag na Ceiltigh ar an mbéar: artos, agus ‘art‘ i nGaeilge. Tá an focal arth ag na Breatnaigh fós. Toisc go raibh sé dainséarach, bhaist daoine ainm noa air: mathghamhain, an gamhain maith!
Chuaigh art i léig ar fad mar ainm ar an mbéar, cé gur mhair sé sa tSean-Ghaeilge leis an gciall “laoch”, agus mar ainm fir. Tharla an rud céanna don mhathghamhain, nó ‘mathúin’ i litriú an lae inniu. Tá na sloinnte Ó hAirt agus Mac Mathúna againn fós, áfach. Níor cailleadh an t-art agus an mathghamhain ar fad.
Tá faol, an focal ársa ar an canis lupus, sa teanga fós, ach is focal liteartha anois é. Tá sé éasca a thuiscint go raibh ainm noa ag teastáil uaidh seo freisin. Baisteadh mac tíre air.
Céard faoin mbroc anois? Níl sé chomh mór leis an mbéar ná leis an mac tíre, ach tig leis greim a bhaint as duine mar sin féin. Tasgos an t-ainm a bhí ag Ceiltigh na mór-roinne air. Tháinig an focal go hÉirinn leis na Ceiltigh ach d’athraigh a chruth le himeacht aimsire. Tadg atá air sa tSean-Ghaeilge, cé go raibh an chiall a bhíodh leis ligthe i ndearmad go hiomlán faoin am sin. Ach mhair Tadhg mar ainm fir, cosúil le Mathúin agus Art.
Is éard a líon an áit a d’fhág an ‘tadhg’ ná ‘broc’, focal maith Ceilteach eile, atá le fáil mar broch i mBreatnais an lae inniu.