Cén fáth nach n-iompaíonn muid ar ais ar an seanchló?

Bhí mé ag gabháil tríd an fo-Reddit r/gaeilge (fóram Gaeilge ar an suíomh Reddit.com) an lá cheana. Is maith liom a bheith ag dul tríd mar gheall go mbíonn daoine as chuile cheard ag roinnt píosaí agus smaointe a bhaineann le saol na Gaeilge agus anois is arís ag lorg cúnaimh le haistriúcháin nó foclaíocht agus araile. Is foghlaimeoirí cuid acu agus daoine ag iarraidh tatúnna an chuid eile.

“Cén fáth a ndeirtear é seo ar an gcaoi áirithe seo?”

“Ar aistriúchán maith é seo?”

My grandmother used say this. What does it mean?”

Nó na ceanna is mó craic: “I found this song/poem/paragraph could someone please translate it?” Baineann mé sult as na ceanna sin ach go háirid mar is bealach é le ham a chur amú an fhad is atá tú ag rá leat féin go bhfuil tú ag cabhrú le duine éicint.

Ach bhí rud amháin a chonaic mé a chuir ag smaoineamh mé. Dúirt duine amháin go raibh cara leis ag foghlaim na Gaeilge agus go raibh an-trioblóid aige deighilt a dhéanamh idir na fuaimeanna nó fonaicí Béarla agus na focla Gaeilge a bhí á léamh acu.

Dúirt mo dhuine “meastú ar cheart scríbhneoireacht na Gaeilge a athrú ar ais go hogham le gur féidir le daoine na fuaimeanna Gaelacha a chur le grúpa amháin siombailí agus na ceanna Béarla a chur leis an ngrúpa eile.”

Caithfidh me a rá nach raibh mé féin an-tógtha leis an smaoineamh sin. Shíl mé go raibh an t-athrú sin cineál iomarcach. Ar an gcéad dul síos is le hainm a scríobh ar leac ní le haistí móra fada a scríobh a úsáideadh ogham, agus bheadh an t-uafás oibre ann ríomhairí agus fónanna a athrú dá réir. 

Ach bhí smaoineamh eile a raibh níos mó céille leis. Más fadhb é seo atá ag daoine cén fáth nach n-iompaíonn muid ar ais ar an seanchló? Tá na cruthanna sách cosúil le cruthanna na litreacha Laidineacha (seachas b’fhéidir ‘s’) le gur féidir le foghlaimeoir na litreacha a aithneachtáil ach go bhfuil siad sách difriúil le go n-aithneofaí gur fuaim dhifriúil atá i gceist. 

Ní difríocht mhór mhillteach atá ann ach tá sé sách suntasach le déistin a chur ar an té a bhíonn cúramach faoin bhfoghraíocht. Gan trácht ar idirdhealú a dhéanamh idir na consain chaola agus na consain leathana, tá rudaí beaga eile a chuireann soir cuid againn nuair a bhíonn muid ag caint le duine nach bhfuil a fhios acu faoi nó ar cuma leo faoin bhfoghraíocht Ghaelach. 

Ní ag iarraidh a bheith ag maslú foghlaimeoirí atá mé, molaim go mór duine ar bith a d’fhoghlaim nó atá ag foghlaim agus tuigim gur luachmhar an bronnntanas a fuair mé ón gcliabhán. Tá an locht céanna le fáil ar chuid de mhuintir na Gaeltachta freisin. 

Cén duine nach bhfuil tinn den ‘w’ a chuirtear sa bhfocal ‘buí’ nó an ‘y’ a sháitear isteach sa bhfocal “beag”. Cá dtéann an ‘g’ nuair a chuirtear urú ar an ‘ngeata’ agus an ‘k’ gránna Gallda sin a dhéantar den ‘c’ séimh bocht.

Agus is d’aon cheird a scríobh mé ‘c’ séimh thuas ansin agus nach ‘ch’ a scríobh mé ann mar sin rud eile a dhéantaí sa tseanchló a raibh níos mó céille leis ná an rud a dhéantar i scríbhneoireacht an lae inniu. Ní ‘h’ brúite isteach i lár focail atá i gceist le séimhiú ach an consan féin a rá go séimh. 

Is mar a chéile leis an bhfadú a dhéanann an síneadh fada ar ghuta atá an séimhiú a dhéanann an poincín beag sin leis an gconsan a chuirtear faoi.

Ar aon chuma tá dhá leabhar amhrán agam atá scríofa sa seanchló (Abhráin agus Dánta an Reachtabhraigh agus Amhráin Mhuighe Seóla dóibh siúd a bhfuil suim acu iontu) agus is breá liom a bheith á léamh. 

Níor thóg sé i bhfad orm a ghabháil i gcleachtadh ar an scríbhneoireacht agus baineann mé an-sásamh as an seanlitriú mar go dtaispeántar cé as a dtáinig cuid de na focla; rud atá ag imeacht leis an simpliú atá á dhéanamh ar litriú na teanga.

Tá a fhios agam go maith nach dtarlóidh sé mar níl sé i bhfad ó shin ó d’athraigh muid ón seanchló go dtí an cló Laidineach (is sa tseanchló a bhíodh mo Dheaideo ag scríobh ar scoil) ach bheadh fáilte mhór agamsa roimhe dá dtiocfadh sé ar ais.

SCÉALTA EILE