‘Chuir an Ghaeltacht cor i mo chinniúint’

Is maith is cuimhin liom na laethanta órga sin. Tiontú na mílaoise úire agus mé ag toiseacht amach ar m’aistear meánscolaíochta in Iúr Cinn Trá. 

Bhí traidisiún láidir  bródúil ag Scoil na Mainistreach ar an Iúr i dtaobh na teanga riamh anall, agus ó ghlúin go glúin bhí múinteoirí iontacha ina bun.  Chuir mé suim inti i gcónaí, mar ábhar scoile. Ach go dtí 2001, agus mé sa dara bliain, b’shin an méid. 

An bhliain sin cuireadh chun na Gaeltachta mé. Ní raibh mórán suime agam ann. Chaith mé gach samhradh roimhe sin ar an pháirc peile, díreach roimh thréimhse órga Ard Mhacha…

Cosúil le gach meánscoil ó thuaidh, bíonn claonadh, conradh neamhscríofa, nó traidisiún fada acu le coláiste ar leith, agus go minic, bhain sin leis an choláiste samhraidh a raibh baint ag an mhúinteoir Gaeilge leis.

I Scoil na Mainistreach, cé go raibh baint láidir ag an scoil an uair sin le Rann na Feirste agus Dún Lúiche, chinn Seán Mac Labhraí muid a chur go Teileann.

Is cuimhin liom m’athair ag caint ar an Ghaeilge, cé nach raibh oiread sin aige ag an am. Nuair a thóg mé an bhileog eolais abhaile liom, bhí sé féin cinnte go rachainn ann. 

Bhí m’athair do mo bhrú le freastal ar ranganna oíche ag an am. “Ranganna? San oíche? Like, scoil taobh amuigh den scoil?” a d’fhreagair mise sna luathbhabhtaí idirbheartaíochta   Nuair a thóg sé ceist na Gaeltachta, mar sin, ba é a dúirt mise leis ná, “Ranganna, sa samhradh? Like, scoil taobh amuigh den scoil?”

Sa deireadh, d’aontaigh muid dul ann le chéile, ach go mbeadh costas le híoc – turas abhaile via Friar Tucks ar an Iúr. Tuigfidh an té as an taobh sin tíre an luach. Mairéad Comer a bhí mar mhúinteoir againn, agus nach orainn a bhí an t-ádh. 

Thriall muid ar an Chaisleán Nua, Satharn éigin i mí Feabhra, áit ar cuireadh faoi agallamh muid. 

Ag an am, ní raibh mórán Gaeilge agam, seachas na freagraí a bhí curtha de ghlanmheabhair agam do na scrúduithe ranga roimhe sin. Ach is beag ceist ag an aois sin nach féidir a fhreagairt le, “Braitheann sé ar an aimsir” nó “Sílim go bhfuil sin fíor”. 

Creid é nó ná creid, tháinig mé ar ais agus scoláireacht Ghaeltachta faoi m’ascaill agam – agus bhí m’athair ar bís. Bhí an díospóireacht thart, agus bhí mé ar mo bhealach go Teileann.

Ba ar bhusanna Moleys a chuaigh muid an t-am sin, agus baicle mhór ó cheantar Oirialla ag bailiú le chéile ag Droichead na gCloch. Mála lán le geansaithe CLG agus spéaclaí gréine sa phóca tóna, daoine ag éisteacht le Walkman agus Béarla á labhairt den chuid is mó ar an bhus. 

Ar an bhealach siar go Tír Chonaill dúinn, ba ghnách linn stopadh ag óstán mór taobh amuigh d’Inis Ceithleann, an Killyhevlin, áit ar bhailigh muid buachaillí Choláiste Mhichíl agus cailíní Chnoc Mhuire.

An chuid ab fhearr agus an chuid ba mheasa den eispéireas Gaeltachta i gcónaí ab ea an turas bus seo. Breis agus cúig uair an chloig, oilithreacht trastíre, ach deis iontach ag cur aithne ar chairde úra agus ag tuar mór-imeachtaí an chúrsa. 

Cosúil le go leor de na scoileanna gramadaí sna Sé Chontae, is scoil aon inscne, do ghasúraí, atá i Scoil na Mainistreach. Don ghearrstócach a chaith blianta na bunscolaíochta agus luathbhlianta na meánscolaíochta i scoileanna lán de ghasúraí, tuigfidh sibh an spreagadh breise a bhí ann samhradh a chaitheamh sa Ghaeltacht. 

Bíonn míreanna faoi na blianta sin nach n-imíonn uait: an chéad uair duit tuirlingt den bhus, an chéad teach ar stop tú ann, an chéad bhean tí a thug aire (agus rabhadh) duit, an chéad chéilí, an chéad damhsa le cailín, an chéad léim den ché, na siúlóidí samhraidh go Bun Glas, na ceannairí craiceáilte agus na múinteoirí mire a thug aire, oiliúint agus comhairle dúinn agus, ár ndóigh, deora bliantúla na gcéilithe móra, mar aon le fiche rud eile atá anois ina luí go buan i dtobar seo na gcuimhní Gaeltachta.

Smaoiním siar go minic ar na laethanta iontacha a bhí agam i dTeileann. Is ann a thit mé i ngrá leis an teanga, a rinne mé cairde saoil agus a d’fhorbair mé féin mar dhuine. Chuir an Ghaeltacht cor i mo chinniúint. D’athraigh sí mo shaol agus mo pheirspictíocht ar an teanga, ar an tír agus orm féin. 

Ba mhinic domsa a bheith i dTeileann agus m’athair ar chúrsa ar an Bhun Bhig nó le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille. Le chéile, chuaigh muid beirt ar aistear foghlama agus fáis atá fós faoi lán seoil.  

Agus gach bliain, d’fhill muid. Gach samhradh, ansin gach Cáisc, ansin leis an ollscoil. Ó Theileann go Dún Lúiche go Gort an Choirce. Achan uair, achan áit, cuireadh fáilte mhór romhainn. An dara baile. 

Tá mé féin fiche bliain ag fás ó bhí an chéad turas chun na Gaeltachta agam, agus mé anois mar chuid d’fhoireann a dhéanann bainistíocht ar an choláiste i dTeileann, tá muid inár suí, den chéad uair ó bunaíodh an coláiste, agus gan cúrsaí an tsamhraidh seo le heagrú againn. Buille ollmhór don choláiste, do na mná tí, don phobal áitiúil. Buille ollmhór don Ghaeltacht agus don Ghaeilge.

Le breis agus trí scór blianta anuas, tá an pobal sin ag tabhairt croí agus anam do na mílte daoine óga, mar a thug domsa. Anois tá cuidiú agus tacaíocht mhór de dhíth orthusan. 

In aimsir seo na héigeandála agus na héiginnteachta, ná fágaimis an Ghaeltacht ar an trá fholamh. Ná déanaimis talamh slán de go mbeidh na coláistí samhraidh ar ais ar an bhliain seo chugainn. Le chéile, tá dualgas orainn mar phobal teanga cuidiú leo. Déanaimis cinnte de go mbeadh deis ag na glúnta atá le teacht dul ar oilithreacht dá gcuid féin, agus cuimhní samhraidh dá gcuid féin a chruthú.