‘Cionnus tá tú?’ – comhtheanga na mórGhaeltachta

Tamall de bhlianta ó shin, scríobh mé píosa ar smaoineamh fánach a bhí agam — ‘Eadar-Ghaelg’. 

Bunaithe ar an choincheap taobh thiar den teanga Interlingua, scríobh mé fá chóras a chur le chéile a chabhródh le Gaeilgeoirí na hÉireann, na hAlban agus Mhanann labhairt le chéile gan mórán stró – canúint chomhchoiteann. 

Smaoinigh daoine eile ar an rud chéanna ó am go chéile ach tchítear dom gur filleadh ar an Ghaeilge chlasaiceach a bhí á mholadh i ndeireadh na dála ach tá an capall sin imithe chun scaoill. 

Thiocfadh le gach duine na trí theanga a fhoghlaim ar ndóigh ach tá ár ndóthain trioblóidí againn ceann amháin a fhoghlaim go sásúil — cé nach mbeadh i gceist ach 400 focal agus cúpla pointe gramadaí a fhoghlaim, go teoiriciúil cibé ar bith.

Iarracht ab ea Eadar-Ghaelg fosta chun rud éigin a chur os comhair foghlaimeoirí gur féidir leo a úsáid le Gaeilgeoir ar bith.

Chomh maith leis sin, is dócha go raibh mé ag iarraidh a chur ina luí ar Ghaeilgeoirí nár cheart a bheith chomh cúng sin inár gcuid smaointeoireachta. 

Coincheap a bhí ann, smaoineamh oibre. 

Ar chúis éigin, chuir daoine spéis ann ar bhealach nach raibh mé ag súil leis agus iarradh orm ó am go chéile cur leis an smaoineamh — seo chugainn roinnt bun-fhrásaí mar sin.

Ainm na teanga? Amharcaimis ar na hainmneacha atá ann cheana:

GA – Gàidhlig, GÉ – Gaeilge, GM – Gaelg 

Gaoidhealg an t-ainm a bhí ar an Ghaeilge Chlasaiceach / chomhchoiteann. Síolraíonn foirmeacha an lae inniu ón fhoirm sin. Bhí/tá an fhoirm ‘Gaelg’ ar fáil in Éirinn (ceantar Oirialla/Aontroma), i ndeisceart na hAlban agus in Oileán Mhanann – luífeadh sé le ciall an fhoirm sin a bhaisteadh ar mo chanúint nua. Creidim go dtuigfeadh gach duine é – ó Oileán Chléire go Ros an Iar. 

Chuirfinn ‘Eadar’ roimhe chun a bheith soiléir cad atá i gceist — cén fáth nach n-úsáidfeá ‘idir’ a deir gach Éireannach nach Ultach é?

Bhuel, ciallaíonn idir ‘ar bith’ in Albain agus in Oileán Mhanann. Sin an chiall a bhí leis sa teanga chlasaiceach agus in Aontroim dála an scéil – mar sin, ainm mo chanúna, Eadar-Ghaelg. Bogaimis ar aghaidh. 

GA – Fàilte, GÉ – Fáilte, GM – Failt, EG Fàilte / Fáilte

Sin ceann furasta mar tá an focal céanna againn ar fad ach is fiú a lua gur cuma fá dtaobh de cén chuma atá ar an síneadh fada dar liom.

Hello!

GA – Halò, GÉ – Dia duit, EG – Haló.

Ní dóigh liom gur fiú argóint mórán faoin cheann seo — haló an rud a deir muintir na Gaeltachta. ‘Hóra’ an Ghaeilge cheart gan dabht, déanann Seanán Ó Coistín a dhícheall chun an focal sin a athbheochan ach tá sé ina aonar go dtí seo faraor – ar aghaidh linn cibé ar bith. 

Maidir le ‘Dia duit’, d’imigh sin agus tháinig seo. 

GA – Latha math, GÉ – Lá maith (cé nár chuala mé riamh é), GM – Laa mie, EG – lá math

Scríobhann agus deir Albanaigh ‘Latha’ ach is eol dóibh an focal ‘là’ chomh maith, an leagan clasaiceach den fhocal i ndeireadh na dála — ní dóigh liom gur ábhar díospóireachta an fhoirm áirithe sin.

Math vs maith – sin scéal eile. 

Scríobhann muid ‘maith’ in Éirinn i dtólamh ar an ábhar gurb é sin an leagan caighdeánach agus clasaiceach — mar sin féin, tchítear dom go mbaineann bunús na nGaeilgeoirí in Éirinn úsáid as an fhoirm ‘math’ sa chaint. 

‘Maith’ a deirtear i Leath Choinn (taobh amuigh de Reachraidh), in áiteanna  áirithe i ndeisceart Ghaeltacht na hAlban agus i Manann áfach. 

Pé scéal é, bhí idir ‘math’ agus ‘maith’ ar fáil i nGlinntí Aontroma agus ní léir dom cén t-idirdhealú a bhí eatarthu sin.

Mar sin de, is cruacheist í. 

Tá mé eadar dhá chomhairle mar sin, cathú orm dul le ‘maith’ mar tá mé tugtha don chlasaiceachas mar is eol duit faoin am seo.

Tá sé ar fáil sna trí cheantar Gaeltachta fosta. 

Ach i ndeireadh na dála creidim go dtuigfí ‘math’ níos fusa — seachas i Manainn. 

Sílim gur ‘math’ mo mholadh mar sin – lá math. 

GA – Ciamar a tha thu? / Dè mar a tha thu? / Cionnas tha thu? (Ros.)

GÉ – Conas atá tú? / Cén chaoi a bhfuil tú? / Cad é mar atá tú?

GM – Kys t’ou? (<cionas tá thú?)

Tá go leor leaganacha againn sa Ghaeilge don nath cainte – ‘quid agis?’

Ach is é ‘cionnus tá tú’ nó leagan a shíolraíonn de an t-aon cheann atá ar fáil in Albain, in Oileán Mhanann agus in Éirinn.

Ba é sin an leagan clasaiceach fosta, creidim.

EG mar sin? – Cionnus tá tú? Mo mholadh. 

Ach mholfainn d’Éireannaigh a bheith cúramach go ndéarfaidís mar ‘cionnus’ é seachas mar ‘conas’ chun cur leis an seans go dtuigfí é. 

Fillfidh mé ar an ábhar seo arís amach anseo má mhothaím go bhfuil dúil ag daoine ann.

SCÉALTA EILE