Tá an litearthacht á cur chun cinn i dtíortha ar fud na cruinne ar an lá seo, an 8 Meán Fómhair, Lá Idirnáisiúnta na Litearthachta.
Féile bhliantúil de chuid Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) atá ann agus é mar aidhm aici feasacht a ardú i leith thábhacht na litearthachta don duine aonair agus do phobail uile an domhain mhóir.
Tá an fhéile ar an fhód le 50 bliain anuas agus is é “An stair a léamh, an todhchaí a scríobh” téama na bliana seo.
Ó fógraíodh Lá Idirnáisiúnta na Litearthachta thiar in 1965, tá an-chuid forbairtí tagtha chun cinn i réimse na teicneolaíochta agus na cumarsáide atá ag imirt tionchar ar chúrsaí litearthachta.
Fós féin, meastar go bhfuil tuairim is 775 milliún duine fásta ar domhan gan scileanna bunúsacha litearthachta sa lá atá inniu ann: sin duine amháin as gach cúigear.
De réir fhigiúirí UNESCO, tá timpeall 60.7 milliún páiste ann ar fud an domhain nach bhfuil fáil acu ar scolaíocht.
Agus í ag trácht ar an mhórcheiliúradh 50 bliain, is spéisiúil an méid a bhí le rá ag an Dr. Katarina Popović, Ard-Rúnaí ar an Chomhairle Idirnáisiúnta um Oideachas Aosach, maidir le cad atá i gceist le litearthacht.
“Is iomaí athrú atá tagtha ar an tuiscint atá againn ar litearthacht le 50 bliain anuas, ach is é an t-athrú is mó ná go dtuigimid go bhfuil tábhacht dhomhain léi.
“Ní scil theicniúil amháin í,” ar sí.
“Mar a mhaígh Paulo Freire (oideachasóir aitheanta san 20ú haois), ní bhaineann sí leis an fhocal féin a léamh; baineann sí leis an domhan a léamh.
“Thar aon ní eile,” ar sí, “ceart daonna atá inti agus is bealach isteach ar chearta daonna eile í.”
Maidir le pobal na Gaeilge agus le pobail mhionteangacha an domhain, tá dúshlán sa bhreis i gceist leis an cheart dhaonna úd a chleachtadh.
Aithneoimis é, athróimis é agus cleachtaimis an ceart!