Coinnigh ag dul!

Bhí cruadal agam le cara de mo chuid ar na mallaibh inar inis sé domh faoina bhrón nach mbeidh Gaeilge ag a chuid páistí, ar a laghad agus iad óg.

Níor éirigh lena iarracht iad a thógáil i nGaeilge, agus ní bheidh siad ábalta freastal ar Ghaelscoil.

Is trua, i mo thuairimse, aon uair nach dtógann Gael a c(h)uid páistí mar Ghaeil ach cha raibh díomá orm, ar an ábhar nach mo ghraithe é caidé a tharlaíonn i dteaghlach eile.

Cha dtug mé spreagadh dó fiú, cé gur gheall mé go ndéanfainn mo mhachnamh ar dhóigh éigin chun cur le Gaeilge a chuid páistí.

Ach arís, ní bhaineann sé liomsa.

Agus is gnáthrud é seo, ní labhraíonn tromlach na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu í lena gclann.

Sin an fáth go bhfuil an bás i ndán di, agus léi ár leagan den stair, ár scéalta, ár ndearcadh, ár gceoltaí agus, déarfadh daoine áirithe, ár náisiún.

Fiú ag ócáidí eagraithe dóibh siúd atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge, mothaím tuismitheoirí ag caint Béarla lena bpáistí.

Cén fáth a bhfuil siad ann mar sin? Ní fios domh.

Mothaím aisteach, cha dtuigim ach arís é, chan mo ghnósa é.

Ach níos minice ná a mhalairt cluinim clann ag caint Béarla lena gcuid tuismitheoirí, cé go bhfuil na tuismitheoirí dílis do sheanchanúin na nGael.

I mo thaithí féin, seo ceann de na cúiseanna a n-éiríonn daoine as labhairt na Gaeilge sa toigh agus socraíonn siad iad a thógáil le Béarla, mar Éireannaigh Ghalldaithe má tá muinn ionraic, agus chan fheil aon mhasla i gceist agam leis an téarmaíocht seo.

Níor mhaith liom labhairt go pearsanta ach ar bhealach ní féidir a sheachaint: níor labhair m’iníon féin ar ais i mBéarla liom riamh, mar sin de, seans nach dtuigim na deacrachtaí mar is ceart.

Tuigim go bhfuil muid báite go hiomlán sa Bhéarla.

Ach tharla eachtra le seachtain anuas a thug misneach agus dóchas éigin domh.

Is é sin gur labhair páistí a bhí á dtógáil le Gaeilge – teaghlaigh éagsúla sa Ghalltacht cé go raibh baint láidir Ghaeltachta ag duine acu – liom sa Ghaeilge, agus Gaeilge láidir dhúchasach leis.

Is é an rud atá mé ag iarraidh a rá leat a chara nár éirigh leis go fóill, nó tú féin a labhraíonn do chuid páistí Béarla leat i dtólamh, coinnigh ag dul, ná caill misneach.

Sea, cha labhraíonn do chlann Gaeilge leat ach labhraíonn siad í liomsa agus le daoine eile, agus tá scéala dearfach agam duit, tá scoth na Gaeilge acu – tá agus bhí ag éirí leat.

An féidir linn smaoineamh ar cén dóigh cuidiú le teaghlaigh Gaeilge a choinneáil beo ina gcuid tithe nó í a athbheochan sa bhaile?

Freagraí ar chárta poist.

SCÉALTA EILE