Aontaíodh ag Comhdháil na Breataine, a reáchtáladh an deireadh seachtaine seo caite, go mbunófar ‘Coiste na Breataine’ do Chonradh na Gaeilge “leis an chomhoibriú a neartú” idir craobhacha na heagraíochta sa Bhreatain agus eagraíochtaí eile ann.
Tháinig ionadaithe ó eagraíochtaí éagsúla Gaeilge le chéile do Chomhdháil na Breataine den chéad uair riamh Dé Sathairn seo caite agus le cúrsaí Gaeilge in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i Sasana a phlé. Craobh London an Chonartha a d’eagraigh an ócáid, agus ionadaithe ó lucht ceannais na heagraíochta i mBaile Átha Cliath i láthair – Uachtarán an Chonartha Niall Comer agus an tArd-Rúnaí Julian de Spáinn. Bhí an Dr Ben Ó Ceallaigh ó Ollscoil Aberystwyth; Terry Lynk ón Manchester Irish Language Group; Caz Newet agus Bez Martin, clann íníonacha Margaret Keane; an dlíodóir Caroline Brogan; agus tuairim is 30 duine eile as ceantracha éagsúla i láthair freisin.
Ba í Siubhán Macauley a mhol ‘Coiste na Breataine’ a bhunú agus dara rún an chruinnithe faoi “chomhoibriú idir craobhacha amach anseo” á phlé. Moladh fosta ócáid bhliantúil a dhéanamh de Chomhdháil na Breataine agus tugadh cuireadh dá raibh i láthair ag an chruinniú ar líne teacht go London in 2022.
Pléadh trí mhórábhar ag an Chomhdháil i mbliana: “ceachtanna foghlamtha ón phaindéim”, “comhoibriú idir craobhacha amach anseo”, agus “feachtas Acht Gaeilge sa Bhreatain”. Agus óráid á tabhairt uaidh, dúirt Uachtarán an Chonartha Niall Comer gur “am ríthábhachtach don Ghaeilge” atá ann agus an tAcht Gaeilge sa Tuaisceart i mbéal an phobail arís agus mhol an obair mhór a bhí i gceist leis an bhfeachtas ‘#MessageToMargaret’.
Tugadh le fios agus na “ceachtanna” a foghlamaíodh ón phaindéim á bplé go raibh foghlaimeoirí nua ó áiteanna taobh amuigh de mhórchathracha na Breataine ag teacht chun an Ghaeilge a fhoghlaim le bliain anuas agus go raibh comhoibriú ann idir ceantracha i lár tíre. Dúirt Ben Ó Ceallaigh gurb í príomhcheacht na paindéime “bheith níos ceangailte le chéile chun ‘language isolation’ a ísliú”. Mhol Oisín Mac Conamhna ó Chonradh na Gaeilge Londain imeachtaí a chur ar líne ar nós Pop Up Gaeltacht a thacódh leis an nascadh sin.
Pléadh freisin an “ganntanas múinteoirí Gaeilge” sa Bhreatain agus dúirt Niall Comer go dtacódh Conradh na Gaeilge le maoiniú agus traenáil a chur ar fáil dul i ngleic leis an ngannatanas sin.
Agus an feachtas Briotanach ar son Acht Gaeilge an Tuaiscirt á phlé, moladh “teimpléad litreach” a chumadh agus a chur ar fáil le “teachtaireacht comhaontaithe a dhéanamh” ó eagrais Ghaeilge na Breataine. Moladh fosta feachtas grianghraf de phobal na Gaeilge sa Bhreatain agus fógraí #AchtAnois acu, agus coiste a chur le chéile a mbeadh ionadaithe ó chraobhacha an Chonartha sa Bhreatain le dul bheith ag plé leis an bhfeachtas.
Mhol an dlíodóir Caroline Brogan teagmháil a dhéanamh le pobail Ghaelacha eile chomh maith – leithéidí ‘Irish in Britain’ agus ‘Birmingham Irish’ – agus a dtacaíocht siúd a lorg don fheachtas. Niall Ó Siadhail leis seo go bhféadfaí ‘comparáid a dhéanamh le teangacha eile sa Ríocht Aontaithe’ chun tacú leis an fheachtas.
Agus na mórábhair cíortha ag lucht freastail na Comhdhála, moladh comhghairdeas oifigiúil a dhéanamh le Linda Ervine as an MBE a bronnadh uirthi le déanaí, agus airgead a dheonú le tacú le Naíscoil na Seolta in Oirthear Bhéal Feirste. Mhol Ella Hassett, ó chraobh London, imeacht ar líne a dhéanamh le Linda Ervine amach anseo.
“Bhí [an Chomhdháil] an-mhaith agus léiríodh an-spéis sa Ghaeilge agus go mbeidh an pobal teanga sa Bhreatain gníomhach agus iad ag feidhmiú níos mó lena chéile. Léiríodh freisin go mbeifear ag feidhmiú ar an Acht Gaeilge atá á lorg ó thuaidh, agus go bhfuil [pobal na Gaeilge sa Bhreatain] sásta cabhrú linn dul i bhfeidhm ar na polaiteoirí in Westminster,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn le NÓS.