Tá clú ar Choláiste Lurgan le tamall anuas mar gheall ar an chur chuige iontach atá ag foireann agus scoláirí an choláiste chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun aird an phobail mhóir a tharraingt ar a gcuid iarrachtaí.
Is iomaí físeán den scoth atá foilsithe ar líne acu ach tá siad tar éis iad féin a shárú arís eile le gearrscannán spleodrach den chraic a bhí sa choláiste le déanaí nuair a rinne siad a leagan Gaelach féin den Fhéile Hiondúch, Holi.
Is léir ón fhíseán seo gur bhain siad ar fad sult mór millteach as Féile na nDathanna, an fuaimrian Gaeilge ag cur fuinnimh sa bhreis leis an spraoi, cé go mb’fhéidir nach raibh gach bean an tí iomlán sásta leis an níochán a bhí le déanamh ina dhiaidh!
Agus ar ndóigh bhí an T-Rex Ó Saurus (ar féidir é leanúint ar Twitter anseo @Gaelgory) é féin i lár an aicsin chomh maith…