Bhí iontas an domhain orm tar éis dom mo chuid smaointí ar ‘Eadar-Ghaelg’ a fhoilsiú.
Cuireadh dúspéis san ábhar, sa choincheap féin agus sna moltaí fiú.
Iarracht is é Eadar-Ghaelg chun Gaeilge a chur os comhair foghlaimeoirí gur féidir leo a úsáid le Gaeilgeoir ar bith — canúint chomhchoiteann a dhéanfadh cúis in Albain, i Manainn agus in Éirinn.
‘Maidin mhath’
Conas a déarfá ‘maidin mhaith’ in Eadar-Ghaelg mar sin?
Mhínigh mé cheana an fáth gur shocraigh mé ‘math’ a úsáid sa chanúint i dtólamh. Ach an focal ‘maidin’ – tá sé seo níos casta ná mar a shílfeá sa chéad dul síos.
Amharcaimis ar cad atá againn sa trí chríoch fá láthair.
GA – Madainn mhath, GÉ – Maidin mhaith, GM – Moghrey mie
Madainn atá in Albain, cé go bhfuil sé caol sa ghinideach áfach – maidne — agus go bhfuil maidinn ar fáil i ndeisceart na tíre. In Íle mar shampla, deirtear maidinn mhaith, agus mhaith fuaimnithe mar ‘vey’. Canúint ar leith is ea í Gaeilge Íle, dála an scéil, cé go raibh Gaeilge Chinn Tíre agus Árainn níos ‘Éireannaí’ arís.
Maidin a bhí ann sa Ghaeilge Chlasaiceach.
Anois, ceapaim go dtuigfeadh gach Gael nach Manannach iad madainn gan stró ar bith.
Mar sin féin, tá, nó bhí madjin ar fáil in Oileán Mhanann – agus tá mé ag déanamh go dtuigfeadh Manannach le Gaeilge mhaith acu an focal sin.
Sílim gur fearr cloí le maidin mar sin, tá údarás na staire agus na tuisceana aige – seans nach mbeidh na hAlbanaigh róshásta – ach thuigfeadh siad.
Mar a dúirt, tá math v maith pléite agam cheana. An t-aon rud a mholfainn ná an ‘mh’ a rá mar /β/ nó /v/, thuigfí níos éasca /v/ná /w/, creidim, agus luíonn sé leis an fhuaimniú stairiúil chomh maith.
Feascar math
GA – Feasgar math, GÉ – Trathnóna maith, GM — Fastyr mie
Ciallaíonn ‘coineascar’ (<coinfheasgar), dusk nó ‘wilight i nGaeilge na linne seo – ach in Oirthear Uladh, tráthnóna nó oíche ba chiall leis.
Ach tá feascar féin i bhfoclóir Uí Dhónaill — cé nár chuala mé féin sa chaint riamh é.
Maidir le good evening mar sin, sílim gur léir gur feascar math a bheadh agam.
Sílim go léiríonn an litriú ‘feascar’ fuaimniú an chosain láir níos fearr ná feasgar na hAlban.
Ach sílim, ar nós na Gàidhlig, agus na Gaeilge Clasaicí, gur cheart na gutaí ‘ea’ a fhuaimniú mar /e/- roimh t, d, agus s ar a laghad.
Glacaim go mbeadh ‘feascar math’ deacair go leor do Mhanannaigh a thuiscint – admhaím nár bhain mé triall as go fóill áfach – ach sa chás seo, ní dóigh liom go bhfuil neart againn air.
Oidhche mhath
GA – Oidhche mhath, GÉ – Oíche mhaith, GM – Oie vie
In Albain (agus in Oirthear Uladh) deirtear agus dúradh ‘oidhche’ mar a bheadh ‘aoiche’ ann – is é le sin le rá ‘ao’ mar a bhíodh sa teanga chlasaiceach – rud éigin cosúil le ‘oo’ an Bhéarla.
Tá go maith, ach creidim gur fearr é a rá mar ‘oíche’. Mar sin féin, maidir leis an litriú – is éasca cloí le hoidhche, an litriú clasaiceach i ndeireadh na dála.
Fáilte roimh cheartú agus easaontas.
Is féidir an dá alt eile sa tsraith seo le Ciarán Dunbar a léamh anseo: