Comórtas aistriúcháin an AE buaite ag cailín as Gaeltacht na Gaillimhe

Tá an phríomhdhuais i gcomórtas na nAistritheoirí Óga buaite ag Maitilde Warsop as Gaeltacht na Gaillimhe. Fógraíodh buaiteoirí an chomórtais uile-Éireann ag searmanas ar líne ar maidin. Ba í Maitilde, atá ag freastal ar Choláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal, a thug an chraobh léi i gcomórtas an chúige do Chonnachta agus sa chomórtas náisiúnta.

Buaiteoirí ‘Aistritheoirí Óga 2021’

Bhuaigh Saoirse Ng as Coláiste Chillian i gCluain Dolcáin comórtas an chúige do Laighin, bhuaigh Rebecca Ní Dhúil as Meánscoil Bríd Naofa i gCill Airne comórtas an chúige don Mhumhain, agus bhuaigh Séamus Ó Fearáin as Scoil Iósaif a bhuaigh comórtas an chúige in Ultaibh.

Bhí duais speisialta ann don aistriúchán is fearr ó theanga nárbh í an Béarla í agus ba í Alanna Plunkett as Coláiste Chraobh Abhann i gCill Chomhaill a thug an chraobh léi sa chomórtas sin dá haistriúchán ó Spáinnis go Gaeilge.

Dúirt Ceann Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach, Seán Hade, go raibh “éacht” déanta ag iarrthóirí óga an chomórtais i mbliana “go háirithe i bhfianaise na mbacainní breise a bhí le sárú acu i ngeall ar ghné fhíorúil an chomórtais.

“Ba cheart do na hiarrthóirí a bheith an-bhródúil as an méid atá curtha i gcrích acu agus ardaíonn sé mo chroí an t-ardchaighdeán agus cruinneas a léirigh na buaiteoirí ina gcuid aistriúcháin. Tá súil agam gur spreag an obair seo na iad le smaoineamh faoi ghairm an aistriúcháin amach anseo,” a dúirt sé.

Bhí an tAire Stáit don Ghaeltacht Jack Chambers i láthair ag an searmanas ar líne inniu agus thréaslaigh sé a mbua leis na daoine óga. Labhair sé faoi na deiseanna atá ar fáil do dhaoine le Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus dúirt sé go bhfuil “úsáid na Gaeilge ar an leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid ag na glúnta amach anseo.”

Tá an comórtas ‘Aistritheoirí Óga’ á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhar le Roinn na Gaeltachta le ceithre bliana anuas. Tá trí sprioc ag an gcomórtas seo: ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn, an t-ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus suim na ndaltaí céanna a mhúscailt i ngairmeacha le teangacha.

Ghlac 62 dhalta i 28 scoil páirt i gcomórtas na bliana seo agus d’aistrigh siad téacsanna ó Bhéarla, Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis go Gaeilge.

SCÉALTA EILE