Tá cáil mhór anois sa nGaeltacht Dhigiteach ar an Ollamh Kevin Scannell, ó Ollscoil Missouri, ní hamháin as an éacht oibre atá déanta, saor in aisce, ar son na Gaeltachta Digití céanna, ach as an tsárobair anailíse a dhéanann sé go rialta ar úsáid na Gaeilge, agus mionteangacha eile, ar ar an idirlíon.
Tá roinnt léarscáileanna cruthaithe aige i gcaitheamh na mblianta ar a léirítear an ghníomhaíocht i nGaeilge ar Twitter ag amanna éagsúla ó tháinig ann don suíomh breis agus deich mbliana ó shin. An mhí seo, áfach, chroch Kevin roinnt léarscáileanna nua ar a léirítear úsáid sin na Gaeilge le deich mbliana anuas.
Gníomhaíocht i nGaeilge ar Twitter 2008-2018, an barr-1500 úsáideoir in Éirinn á dtaispeáint pic.twitter.com/KsFmjpNzch
— Kevin Scannell (@kscanne) 19 Lúnasa 2018
Mar is léir ó ghrafaic Kevin, is i mBaile Átha Cliath agus an ceantar máguaird atá an líon is mó de ghiolcairí Gaeilge na tíre. Tá pócaí móra láidre i gConamara agus cathair na Gaillimhe, chomh maith le ceantracha eile Gaeltachta ar nós Chorca Dhuibhne agus Gaeltacht Thír Chonaill, agus cathracha a bhfuil pobail ghníomhacha Ghaeilge iontu, ar nós Bhéal Feirste agus Corcaigh.
Mhínigh Kevin ar Twitter go n-imríonn cúpla duine aonair in áiteacha áirithe an-tionchar ar na sonraí a úsáidtear leis na léarscáileanna a tharraingt. Luaigh sé an giolcaire @aonghusoha go sonrach, atá lonnaithe idir Baile Átha Cliath agus Cill Mhantáin den chuid is mó agus atá ar an duine is mó a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge (de réir staitisticí an tsuímh IndigenousTweets.com).
Go gairid i ndiaidh dó an chéad léarscáil a chur ar Twitter, d’fhoilsigh Kevin an dara léarscáil seo, ar a léirítear líon na ndaoine per 1,000 duine atá ina gcónaí sa gceantar, a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge.
Taispeánann an léarscáil seo an líon daoine ag tweetáil i nGaeilge, per 1000 duine ina gcónaí sa gceantar. Sonraí daonra le caoinchead ó @NASA pic.twitter.com/pLnEmR4EUi
— Kevin Scannell (@kscanne) 20 Lúnasa 2018
Ar ndóigh is ceantar láidir Gaeltachta é Conamara, mar a léirítear ar an léarscáil thuas, ach caithfear a chur san áireamh freisin go bhfuil cuid mhaith comhlachtaí agus eagraíochtaí teanga, idir comhlachtaí meán cumarsáide, oifigí stáit agus comhlachtaí príobháideacha, ar nós foilsitheoirí leabhar agus eile, lonnaithe sa gceantar sin freisin, rud a chuireann le dlús na gcuntas Gaeilge a fheictear ann.
Tá an scéal mar an gcéanna i nGaeilge na hAlban: sa chéad phic, gníomhaíocht iomlán sa teanga ar Twitter, agus sa dara pic, líon na ndaoine ag tweetáil per 1000 ina gcónaí sa gceantar áitiúil cc @akerbeltzalba @bbcnaidheachdan @bordnagaidhlig1 #gàidhlig pic.twitter.com/8NshSQzoFE
— Kevin Scannell (@kscanne) 22 Lúnasa 2018
Ar deireadh, d’eisigh Kevin dhá léarscáil eile, a thugann léargas ar an scéal mar atá in Albain.
Tá an scéal mar an gcéanna i nGaeilge na hAlban: sa chéad phic, gníomhaíocht iomlán sa teanga ar Twitter, agus sa dara pic, líon na ndaoine ag tweetáil per 1000 ina gcónaí sa gceantar áitiúil cc @akerbeltzalba @bbcnaidheachdan @bordnagaidhlig1 #gàidhlig pic.twitter.com/8NshSQzoFE
— Kevin Scannell (@kscanne) 22 Lúnasa 2018