Tháinig dréacht de Chaighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe 2016 chugainn in oifigí NÓS agus tá anailís déanta againn air.
Le cúpla bliain anuas bhí conspóid mhór ann faoi na caighdeáin éagsúla – cé acu a raibh údarás leis – agus fágadh an pobal gan chinnteacht agus muid ar maos i rialacha a chuirfeadh mearbhall ar an té is críonna againn.
Táthar ag súil go gcuirfidh Caighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe 2016 deireadh le “cogadh an dá chaighdeán”, mar a thugtar anois air, agus go ndéanfaidh sé an saol níos éasca orthu siúd a bhíonn ag scríobh i nGaeilge go rialta.
Tá Tithe an Oireachtais freagrach as an gCaighdeán Oifigiúil a fhoilsiú ó bhí an bhliain 1958 ann.
Seo cuid de na hathruithe is suntasaí i gCaighdeán nua 2016 atá le heisiúint acu gan mhoill.
1) Beidh go leor daoine an-sásta a chlos go mbeidh cuid de na rialacha níos scaoilte.
“Má chloiseann sé i gceart”, tá sé i gceart.
2) Maidir le hainmfhocail bhaininscneacha agus ainmfhocal sa ghinideach ina ndiaidh – mar shampla “gloine bheorach/gloine beorach” – beidh cead agat pé ceann a thagann amach as do bhéal a rá, go háirithe más rud é gur sa teach tábhairne atá tú.
3) Tá rialacha nua ann maidir le lagiolraí sa tuiseal ginideach. De réir an Chaighdeáin reatha, deirtear ‘Áras na Mac Léinn’ agus ‘ag druidim na bhfuinneog’.
Ach leis na rialacha úra, tá cásanna ar leith ann inar féidir an chastacht sin uilig a chaitheamh san aer.
As seo amach, beidh cúinsí ar leith ann nuair is ‘Áras na Mic Léinn’ agus ‘ag druidim na fuinneoga’ an Ghaeilge cheart chruinn:
– ar laethanta a thosaíonn le ‘C’ nó ‘M’,
– má tá tarracóir agat,
– má tá níos mó ná CD amháin le Boyzone nó Westlife sa charr agat,
– más é do ‘Dolmio Day’ atá ann,
- más rud é go ndeachaigh tú go Coppers agus é i gceist agat an shift a fháil ach nach bhfuair tú an shift, cé go ndearna tú iarracht sách mór an shift a fháil.
4) Maidir le riail na DeNTaLS, measadh nach raibh an riail sách casta agus go mbeadh a simplíocht mar ‘ola ar chroí na Sacsan’.
DNTLS-RMB-aeiou-áéíóú a bheidh air feasta.
Ní bheidh riail an tséimhithe i bhfeidhm ach gach dara huair a mbainfear úsáid as ‘lena chinntiú go mbíonn na Gaeil i gcónaí ag smaoineamh’.
5) Maidir le ‘an obair atá Seán a dhéanamh’, aithneofar feasta ‘an obair atá Seán ag déanamh’, cé go bhfuil a fhios ag an saol agus a mháthair gur cunús leisciúil é Seán nach n-aithneodh obair dá mbéarfadh sí plaic as a thóin.
6) Beidh cead agat ‘atá’ nó ‘a bhfuil’ nó fiú ‘that is’ a úsáid de réir mar is mian leat, mar is léir “gur focain cuma leat faoi chruinneas na teanga agus go bhfuil sé chomh maith againn ligean duit do rud féin a dhéanamh” (lch 34).
7) Is cosúil go dtabharfar “riail na 10 soicind” isteach go hoifigiúil, is é sin má cheartaíonn tú tú féin taobh istigh de 10 soicind nach gcomhairíonn an botún gramadaí a thuilleadh. Go iontach! ’Sé sin ‘Go hiontach!’
8) Má bhaineann tú úsáid as ‘a mhac’ beidh ort oíche ar an drabhlás a chaitheamh i dTigh Josie ar an gCeathrú Rua ar a laghad uair amháin sa bhliain.
9) Más rud é gur féidir a rá faoi leagan cainte gur “sin a deirtear”, tá tú i gceart – fiú mura bhfuil ann ach Francach aonair a deireann é agus é ag foghlaim na teanga le 10 nóiméad anuas ar Duolingo.
10) Beidh cead agat raidhse Béarlachais a úsáid, más as Conamara duit.
11) Beidh cead agat diúltú aon fhocal Gaeilge a thabhairt ar theicneolaíocht a cumadh níos déanaí ná aimsir an Ghorta Mhóir, ‘radio’, ‘bicycle’ agus ‘the wheel’ san áireamh.