Conspóid teanga sa Nigéir

Tá conspóid tosaithe i dtír ilteangach na Nigéire toisc nár thug an tUachtarán, Muhammadu Buhari, aitheasc oifigiúil ach ina theanga féin amháin.

Mar is nós le go leor ceannairí náisiúnta ag deireadh Ramadan, ghuigh Buhari gach rath ar shaoránaigh a thíre i ráiteas gairid a craoladh ar mheáin éagsúla Dé Domhnaigh.

Ní hé ábhar an ráitis a mheall aird an phobail áfach ach an teanga inar labhair sé, an Hásais.

Tá breis agus 188 milliún duine ina gcónaí sa Nigéir agus meastar go labhraítear níos mó ná 500 teanga fud fad na tíre.

Cé gurb é an Béarla an teanga oifigiúil a úsáidtear i ngnóthaí rialtais, oideachais agus ghnó, tá mórtheangacha eile ann a labhraíonn na milliúin duine mar atá Iarúibis (19 milliún san iardheisceart), Íogbóis (24 milliún sa deisceart) agus Canúiris (3 mhilliún san oirthuaisceart).

Scaipeadh téacs an ráitis a thug Buhari i mBéarla ach bhris sé gnáthchleachtas an rialtais nuair nár labhair sé ach ina theanga dhúchais féin, Hásais, teanga atá ag thart ar 25 milliún duine – iad lonnaithe i dtuaisceart na tíre go príomhá – agus ag a bhfuil nasc láidir le cultúr Ioslam.

“Uafásach” an cur síos a rinne comhairleoir leis an iar-Uachtarán, Goodluck Jonathan, ar ar tharla.

“Ba chóir don Uachtarán labhairt i mBéarla ar dtús,” arsa Reno Omokri ar a leathanach Facebook.

“Conas is féidir le ceannaire náisiúnta aitheasc a thabhairt i dteanga réigiúnach?

“Ní Uachtarán é ar phobal na Hásaise amháin – tá sé seo ina údar náire!”

Ní hamháin gur tharraing Buhari ruaille buaille lena rogha theanga ach cuireadh leis an chonspóid ar an ábhar nár chualathas a ghlór go poiblí ó bhí tús mhí Bealtaine ann.

Tá cóir leighis á cur air i Sasana ó shin agus tá cuma lag go leor ar a ghuth sa taifeadadh den ráiteas thuas.

Is cúis imní do dhaoine áirithe sa Nigéir é sláinte Buhari agus tá sé á thuairisciú go bhfuil an brú atá air go géarú i rith ama agus idir thráchtairí agus pholaiteoirí ag ceistiú a chumais bheith i gceannas ar an rialtas.

SCÉALTA EILE