Rinneadh cáineadh sa Bhreatain Bheag an mhí seo tar éis gur péinteáladh an focal ‘Elvis’ anuas ar Cofiwch Dryweryn (Cuimhnígí ar Tryweryn).
Mana é Cofiwch Dryweryn a chuimhníonn ar an mbaile Capel Celyn a bádh sa bhliain 1965. Cruthaíodh taiscumar chun uisce a sholáthar do Learpholl agus cuireadh an baile, a raibh an Bhreatnais go láidir ann, faoin uisce.
Spreag an scéal agóidí móra ar fud na Breataine Bige agus meastar gur chuir sé an lasair sa bharrach ó thaobh ghluaiseacht teanga agus náisiúnach na tíre. Ba é Meic Stephens, nach maireann, a tharraing an mana den chéad uair ar bhalla ar an bpríomhbhóthar idir Aberystwyth agus Llanrhystud.
Scriosadh an teachtaireacht i nGwynedd roinnt uaireanta cheana. Níor luigh gníomhaithe na Breatnaise ar na maidí an uair seo áfach, níorbh fhada gur péinteáladh an balla arís agus seo mar atá anois.
Cúigear a bhí páirteach san athphéinteáil agus ina measc bhí Elfed Wyn Jones. “Bhí orainn rud éigin a dhéanamh, cuid lárnach de stair na Breataine Bige atá ann” arsa an fear as Aberystwyth, a rá gur “bhris sé mo chroí, an loit a rinneadh ar an mballa.”
Thosaigh an Wyn Jones agus cairde leis ag péinteáil ag 9pm istoíche, chodail ina gcarranna gur thriomaigh an phéint agus phéinteáil na focail “Cofiwch Dryweryn” ann an chéad lá eile.
Bhí díomá ar dhaoine éagsúla faoin bhfocal Elvis a bheith scríofa ann agus luadar gur dócha nár thuig an duine nó an dream a chlúdaigh an seanmhana an tábhacht a bhain leis i gceart.
Thacaigh Bethan Sayed, ionadaí de chuid Plaid Cymru, leis an ngníomh, a rá gur léirigh sé “go raibh fuinneamh i ndaoine tabhairt faoin athrú athuair”. Le blianta anuas rinneadh iarrachtaí éagsúla an balla a chosaint go dlíthiúil ach ní raibh aon rath orthu go dtí seo. Díol suntais é gur tugadh cosaint do phéintéireacht de chuid Banksy i bPort Talbot le déanaí.
Cúis mhór sa Bhreatain Bheag cúis Capel Celyn, tháinig fás ar thacaíocht Plaid Cymru ina dhiaidh agus cuimhnítear ar bhá an bhaile ar bhealaí éagsúla, amhráin ina measc (Dan y Dŵr le hEnya fiú). Ghabh Comhairle Learphoill leithscéal as an scéal ar fad in 2005.