Tá céad duine mór le rá i saol acadúil agus liteartha na Fraince tar éis a n-ainm a chur le colún ar an nuachtán Le Parisien ag impí ar uachtarán na Fraince, Émmanuel Macron, tacú leis an bhFraincis agus éirí as an nós atá aige tús áite a thabhairt don Bhéarla.
Ón uair a tháinig Macron i gcumhacht, tá olc á chur aige ar thírghráthóirí na Fraince mar gheall ar an dúil chráite a bhíonn air a líofacht sa Bhéarla a thaispeáint don saol: cuirtear ina leith go dtapaíonn sé chuile dheis Béarlachas a úsáid in óráidí agus in agallaimh agus go dtiontaíonn sé ar an mBéarla a luaithe agus is féidir leis nuair atá sé ag labhairt le ceannairí domhanda eile nó leis na meáin.
Tá drochbhail ar an bhFraincis, í múchta ag an mBéarla agus a raon úsáide á chúngú dá bharr — sin a deirtear sa cholún in Le Parisien. Tá eagla ar lucht scríofa an cholúin go bhfuil muintir na Fraince ag géilleadh don ionradh teangeolaíoch seo agus go bhfuil a bhféiniúlacht agus a bhféinmheas á gcreimeadh dá bharr.
Dar le húdar an cholúin gur gá do Macron an fód a sheasamh ar son na Fraincise i gcoinne rabharta an Bhéarla agus gur féidir leis amhlaidh a dhéanamh trí ghníomhartha áirithe a thógáil.
1 Éirí as an mBéarla a úsáid agus é ar cuairt thar lear. Tá an Fhraincis fós ina mórtheanga dhomhanda agus tuiscint fhorleathan ag daoine uirthi — níl aon chúis mhaith ann nach mbainfeadh Macron úsáid aisti dá bharr.
2 Éirí as an mBéarla a úsáid sa Fhrainc féin, drochnós a laghdaíonn ar an seans go mbainfidh cuairteoirí triail as an bhFraincis — más amhlaidh go bhfuil a dteanga féin tréigthe ag na Francaigh, tuige a gcuirfeadh eachtrannaigh dua orthu féin í a fhoghlaim?
3 Dlíthe a chur i bhfeidhm a thabharfadh tús áite don Fhraincis agus a chuirfeadh san áireamh an staid leochaileach ina bhfuil an teanga i réimsí áirithe saoil mar gheall ar bhrú ón mBéarla. Ní mór a shonrú d’údaráis náisiúnta agus áitiúla na tíre céard iad na cumhachtaí atá acu chun dul i ngleic le drochstaid na Fraincise.
4 Tá an Béarla á oirniú mar dhara teanga oifigiúil an náisiúin: caithfear deireadh a chur leis an gclaonadh féinmharfach seo i dtreo an Bhéarla i saol poiblí na tíre. Anuas air sin, ba cheart deireadh le hábhair áirithe a bheith á múineadh trí mheán an Bhéarla i scoileanna áirithe, ar ‘gnás náireach’ é.
Deir lucht scríofa an cholúin nach mór do Macron dea-shampla a léiriú ar an gceist seo don chuid eile de na tíortha ina labhraítear Fraincis.
Rud eile a chuireann olc ar lucht scríofa an cholúin ná gur mhol Macron an Béarla le déanaí as a bheith ar an teanga is fearr cumarsáide ar domhan. Dar leo nach fíor seo — is í an Fhraincis an teanga is bisiúla agus is feidhmiúla i gcuid mhór den Afraic a bhfuil borradh eacnamaíoch faoi, agus is amhlaidh an scéal é in Québec, a deir siad. Go deimhin, moltar do Macron sampla Québec a lorg, áit a bhfuil dlíthe curtha i bhfeidhm a thugann tosaíocht don Fhraincis agus do chainteoirí Fraincise chun iad a chosaint ó uileláithreacht an Bhéarla.
Beidh le feiceáil má thugann Macron aon aird ar an achainí seo: cuirtear ceanndánacht agus éirí in airde ina leith agus deirtear nach n-éisteann sé le comhairle go dtí go mbíonn sé ródhéanach.
Mar sin féin, tá droch-chlú an choimeádachais ar chuid de chosantóirí na Fraincise, agus ní thugann pobal na Fraince mórán airde ar chomhairle an Académie Francaise, coimisiún rialtais a bhfuil sé de chúram air focail nua-chumtha Fraincise a chur chun cinn in áit an Bhéarlachais.
Mar shampla, ní raibh an Académie sásta ‘smartphone’ a scaoileadh isteach sa teanga, agus mhol siad ‘un mobile multifonction’ ina áit, téarma fadálach nár ghlac an gnáthphobal leis.
In 2017, rialaigh an Académie i gcoinne focail Bhéarla a úsáid, amhail ‘gamer’, ‘dark web’ agus ‘fake news’. Ina n-áit siúd, dúradh leis an Francaigh ‘joueur’, ‘internet clandestin’ agus ‘infofox’ a úsáid. Arís, ní raibh glacadh forleathan leis na téarmaí malartacha i measc an phobail agus cloítear i gcónaí leis na téarmaí Béarla sa ghnáthchaint.
Ach léiríonn an colún a foilsíodh ar Le Parisien nach bhfuil an cath teangeolaíoch seo thart go fóill agus go leanfaidh caomhnóirí na Fraincise leo ag troid ar son a dteanga agus ar son a bhféiniúlacht náisiúnta gan stad gan staonadh.