Cur amú acmhainní agus ama é ‘Ceantar Gaeilge’ a chur ar bun i mBaile Átha Cliath

Ba chur amú acmhainní agus ama a bheadh ann ‘Ceantar Gaeilge’ a chur ar bun i mBaile Átha Cliath faoi mar atá beartaithe ag lucht ‘Baile Átha Cliath le Gaeilge’, eagras nua a chuirfidh an phríomhtheanga náisiúnta chun cinn san ardchathair. 

D’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers an tseachtain seo go bhfuil €325,000 ceadaithe ag a Roinn leis an scéim nua a chur ar bun i mBaile Átha Cliath a chuirfeadh an Ghaeilge chun cinn san ardchathair agus a d’fhéachfadh le ceantar nó ‘ceathrú’ Ghaeilge a fhorbairt ann. 

Tá ‘Baile Átha Cliath le Gaeilge’, an t-ainm atá ar an scéim nua, le moladh as go leor de na spriocanna a luadh léi an tseachtain seo: an Ghaeilge a chur chun cinn ar chomharthaíocht, fógraí, agus ar bhiachláir i gcaiféanna agus i mbialanna, mar shampla, agus an líonra gnólachtaí atáthar ag iarraidh a fhorbairt sa gcathair. Is maith an rud é go bhfuil caint ar “phlean teanga” don chathair i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath freisin. Ach ba chur amú ama agus acmhainní a bheadh ann ‘Ceathrú Ghaeilge’ nó a leithéid a bhunú i mBaile Átha Cliath. 

Is léir go bhfuil muintir na hardchathrach ag breathnú siar agus ó thuaidh agus an togra nua seo ar bun acu – ar ‘Gaillimh le Gaeilge’ i gCathair na dTreabh agus ar phobal na Gaeilge i mBéal Feirste. Tá an dá dhream sin le moladh freisin agus obair iontach déanta acu sna cathracha eile sin, ach is ainmhí eile ar fad é Baile Átha Cliath agus teastaíonn rudaí difriúla uaidh.

Ní raibh mé lá i nGaillimh nár labhair agus nár chuala mé Gaeilge – tá pubanna ann a bhfuil cáil na Gaeilge orthu (Tigh Taaffe, mar shampla) agus tá an Ghaeilge fite fuaite le saol na cathrach thiar. Ar an láimh eile, tá an-obair déanta ag muintir Bhéal Feirste bolgán beag Gaelach a chruthú, ar a dtugann siad an Cheathrú “Ghaeltachta”, agus an Ghaeilge le feiceáil ar shiopaí agus ar ainmchláracha na sráideanna ar fud iarthar na cathrach. 

Tá Baile Átha Cliath difriúil arís leis an dá chathair eile. Murab ionann agus Gaillimh, níl Baile Átha Cliath buailte ar an nGaeltacht, agus níl traidisiún láidir Gaeilge ann i ‘ngnátháiteacha’ sa gcathair. Murab ionann agus Béal Feirste, níl an Ghaeilge teorannaithe do cheantar ar leith sa gcathair agus níl na cúinsí staire ná teangeolaíocha céanna ann – ná luaigh Linda Ervine agus an East Belfast Mission liom, fíoreisceacht atá sna ranganna agus sa bpobal bídeach sin agus níl fáilte ar bith roimh an nGaeilge i bhformhór mór na gceantracha thoir. 

Tá an Ghaeilge ann ar fud Bhaile Átha Cliath. Tá Ranna Rialtais lonnaithe in áiteacha éagsúla ar fud na cathrach a bhfuil státseirbhísigh bhreátha Ghaelacha iontu, tá craobhacha de chuid an Chonartha agus eagraíochtaí eile a chuireann an Ghaeilge chun cinn scaipthe thoir agus thiar ann.

Cá n-aimseoinn an Ghaeilge i mBaile Átha Cliath? Bunaíodh craobh nua de chuid an Chonartha i gCluain Tarbh le deireanas, tá ceannáras Chumann Lúthchleas Gael ar an mBaile Bocht, tá amharclann Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sa bPort Thoir  – sin cúinne beag bídeach amháin den chathair. 

Tá Conradh na Gaeilge lonnaithe ar Shráid Fhearchair. Ach bhíodh siad ar Chearnóg Parnell mar a bhfuil Club na Múinteoirí i gcónaí. Tá Piper’s Corner ar Shráid Mhaoilbhríde. Tá Gaelchultúr ar Shráid an Chláirínigh (nó Sráid an Chláir nó Sráid Clare, ag braith ar an ainmchlár). Tá Na Gaeil Óga lonnaithe ar an taobh thiar den chathair anois agus baile buan á lorg acu i dtreo Leamhcáin. Tá Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin amuigh i dtreo Stigh Lorcáin, agus gan iad ach achar sách gearr ó bhunáit RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDomhnach Broc. 

Léirítear sna daonáireamh ó thuaidh go bhfuil dlús cainteoirí Gaeilge ann in áit bheag thíreolaíoch. Tá líon na gcainteoirí Gaeilge i nGaillimh an-íseal, ach freastalaíonn an chathair ar phobal mór Gaeltachta a bhí ag tarraingt uirthi chuile lá beo. Tá lucht labhartha na Gaeilge i mBaile Átha Cliath – agus bheadh sé deacair ‘pobal’ a thabhairt orthu dáiríre – scaipthe ar fud an chontae. 

Tá an chosúlacht ar an scéal gur mhaith le Conradh na Gaeilge/Baile Átha Cliath le Gaeilge (ní léir an bhaint eatarthu go fóill) go lonnófaí an choilíneacht nua Ghaeilge seo timpeall ar – cén áit eile! – Ceannáras an Chonartha ar Shráid Fhearchair. Thuigfeá dóibh, is dóigh, ach níl rud ar bith thar a bheith Gaelach faoin gceantar sin ach amháin go bhfuil cúpla eagraíocht Ghaeilge lonnaithe i dteach amháin ann. Trasna an bhóthair ón gConradh tá KMPG. Chaon taobh tá Waratek agus The Green Hotel. Seachas Fáinne Óir Liam Uí Rinn atá áit éicint ar bharr Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, níl mórán atá thar a bheith Gaelach faoin institiúid áirithe sin ach an oiread. 

Má tá airgead le pulcadh isteach i saol na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, ba cheart é a phulcadh go cothrom ar fud na cathrach agus é a chur ar fáil do lucht a labhartha cuma cén áit a bhfuil siad. Ba mhór an trua pingin a chur amú ag sodar i ndiaidh lucht Grafton Quarter agus Clery’s Quarter agus a bheith ag iarraidh bréag-cheathrú Ghaeilge a chur ar bun timpeall ar Shráid Fhearchair. 

Is mór an méid airgid é €325,000 agus tá beirt chumasach fostaithe ag an eagraíocht cheana féin. Molaim lucht Bhaile Átha Cliath le Gaeilge agus guím gach rath ar an togra – tá mé ag súil go mór le toradh a gcuid oibre a fheiceáil agus a chloisteáil timpeall na hardchathrach – ach níor mhaith liom Ceantar Gaeilge Bhaile Átha Cliath a fheiceáil amach anseo. 

SCÉALTA EILE