Cur i gCéill, Plásaíocht agus an Leithghabháil Chultúrtha

Baineann conspóid i gcónaí leis an téarma “leithghabháil chultúrtha”. Éiríonn daoine tógtha nuair a chluintear é agus bíonn a bharúil féin ag achan duine de. I dtaca leis an Ghaeilge de, baineann castachtaí ar leith le húsáid an téarma seo de thairbhe gurbh í an teanga dhúchais a bhí ag sinsir mhórchuid mhuintir na hÉireann í agus ar bhonn prionsabail glactar leis go bhfuil de cheart ag gach uile dhuine an teanga a fhoghlaim, a labhairt agus a scríobh. 

Ceart é sin nár chóir a shéanadh ar dhuine ar bith as Éirinn ná as tír ar bith eile ach an oiread. Mar sin féin, thiocfadh dó gur téarma sásta a bheadh sa “leithghabháil chultúrtha” mar chur síos ar chuid den úsáid mhí-ionraice dhochrach a bhaintear as an Ghaeilge agus cultúr na nGael i gcoitinne.

Ag scríobh dó ar NÓS fán téarma “leithghabháil chultúrtha” cúpla bliain ó shin, mhínigh Seaghan Mac an tSionnaigh go beacht brí na bhfocal céanna:

“…is é atá i gceist leis sin ná cineál cúisimh a dhéantar i leith daoine a bhaineann leas féinchúiseach easurramach as gnéithe de chultúir eile seachas an mórchultúr ceannasach – go mórmhór nuair is cultúir a shamhlaítear a bheith fé chois a bhíonn i gceist.”

Tchítear domh go bhfuil tréithe áirithe a bhaineann leis an leithghabháil chultúrtha le tabhairt fá dear sa dóigh a gcaitheann go leor polaiteoirí sa tír seo leis an Ghaeilge. De réir an tsainmhínithe thuas baineann tréithe ar leith leis an leithghabháil chultúrtha, (i) “daoine a bhaineann leas féinchúiseach easurramach as gnéithe de chultúir eile seachas an mórchultúr ceannasach” agus (ii) “go mórmhór nuair is cultúir a shamhlaítear a bheith fé chois a bhíonn i gceist.”

Feiniméan idirnáisiúnta, ar ndóighe, atá sa leithghabháil chultúrtha, rud a dhéantar go minic ar chultúr agus teangacha daoine dúchasacha i dtíortha éagsúla ar fud na cruinne ar bunaíodh ar an choilíneachas iad. 

Tá a leithéid curtha i leith Príomh-Aire Cheanada, Justin Trudeau, a bhfuil tréan dea-chainte aige fá athmhuintearas leis an mhuintir dhúchasach i stát Cheanada ach a bhfuil gníomhaithe pobail dúchasacha ag rá faoi nach bhfuil ina chuid cainte ach cur i gcéill nuair atá stát Cheanada ag satailt ar chearta na muintire dúchasaí ar mhaithe le tairbhe a bhaint as a gcuid tailte agus a gcuid acmhainní nádúrtha, dálta ola agus gáis, a chur ar fáil do chomhlachtaí móra.

Pillimis ar Éirinn. Cuir i gcás taoiseach na tíre Leo Varadkar, nó de Varad mar is fearr leis féin agus é i measc na nGael, go díreach mar shampla amháin. I dtaca leis an chéad tréith de, (i). Tá Leo, dálta Joe McHugh, ar thuras teanga anois le tamall. Go dearfa, tá achan chosúlacht air go bhfuil sé dáiríre fá mhéid áirid Gaeilge a fhoghlaim. Tá dáimh aige leis an teanga. Mar a dúirt an Taoiseach féin agus é i láthair ag Pop-up Gaeltacht i mBaile Átha Cliath, “Gaeilge agus selfies. It was fun!

Is mór an cuidiú do Leo agus Joe a dturas teanga. Nuair a cheistítear iad fá ghéarchéim na Gaeltachta athraítear ábhar an chomhrá agus dírítear ar an dul chun cinn atá á dhéanamh acu i bhfoghlaim na teanga, a ndíograis agus a ndáimh phearsanta leis an tseoid ársa seo, srl. 

Gnáthmhuintir na tíre a bhfuil fadhbanna eile acu nach bhfuil sáite i saol na Gaeilge, níl barúil acu caidé atá ag dul ar aghaidh ach go bhfuil an chuma ar na polaiteoirí seo go bhfuil Gaeilge acu agus dá thairbhe sin go bhfuil siad báúil léi. Cleas maith é seo má tá tú ag iarraidh na scórtha milliún euro a shábháil agus an tÚdarás agus Roinn na Gaeltachta a fhágáil ar phingeacha suaracha le taobh mar a bhí siad roimh 2008.

Mar a deirtear go minic, is linne ar fad an Ghaeilge. Is fíor sin. Mar atá ráite cheana, teanga í a bhfuil sé de cheart ag duine ar bith í a fhoghlaim agus a úsáid. Bíonn fadhb ann áfach nuair, ar láimh amháin, a bhaintear leas pearsanta as an teanga, agus ar an láimh eile, a ghníomhaíonn an duine sin ar dhóigh atá ar aimhleas an phobail a bhfuil an teanga sin ina teanga dhúchais acu. 

Tá cineál de mhíréir chognaíoch i gceist san úsáid fhimíneach seo sa mhéid is go bhfuil an siombalachas Gaelach ar maith leis an duine a tharraingt chuige féin ag teacht salach ar a chuid gníomhartha dochracha agus ar a easpa gnímh.

Déanta na fírinne, is cuma dáiríribh cé acu tá dhá fhocal Gaeilge ag Leo Varadkar nó dhá mhíle. Is é a dhéanann an dochar go dtig le Leo agus lena mhacasamhail tairbhe phearsanta agus tairbhe pholaitiúil araon a bhaint as siombalachas seo na Gaeilge ach go fóill a bheith ag leanstan le córas agus le polasaithe a dhéanann leatrom agus éagóir ar Ghaeil agus go háirid ar an Ghaeltacht.

An bhfuil sé ag baint “leas féinchúiseach easurramach” as an teanga dhúchais? Is maith atá a fhios aige go ngnóthóidh sé níos mó vótaí agus níos mó tacaíochta má tchítear don mhórphobal, agus go háirid don mheánaicme, gur Éireannach amach is amach atá ann. Dálta an stáit féin, siombail shásta atá sa teanga a mbaintear leas aisti ar mhaithe le cumhacht pholaitiúil. Is cuma fá na pobail a labhraíonn í, fá na hacmhainní atá ar fáil ag ceantracha Gaeltachta, ag Gaelscoileanna agus ag gnáthGhaeil fríd an tír, a fhad is gur féidir an leas polaitiúil seo a bhaint aisti. 

Má chailltear an Ghaeilge ar fad mar theanga phobail agus mar ghnáth-theanga labhartha, Dia idir sinn agus an t-olc, bíodh geall go mbeidh polaiteoirí agus lucht cumhachta go fóill ag baint leasa aisti mar shiombail a bheir caipiteal cultúrtha daofa.

Nuair a labhraíonn polaiteoirí, dálta Leo, an “cúpla focal” measctha fríd an Bhéarla leis an siombalachas seo a chur in iúl agus nuair a dhéanann siad ansin cinntí polaitiúla a bhuaileann buille go heasna ar phobail labhartha na Gaeilge, bhoil ní thig liom smaoineamh ar mhórán atá níos dímheasúla agus níos easurramaí ná sin.

Ag croílár na ceiste seo, tá an pháirt shuntasach atá ag cinntí rialtas na hÉireann i lagú agus creimeadh na Gaeltachta. San áireamh anseo tá an mhoilleadóireacht, an cur i gcéill agus an neamhiontas. Tchí muid, mar shampla, an dóigh a bhfuil an rialtas ag séanadh maoiniú ceart ar na pleananna teanga atá riachtanach má tá slánú ar bith i ndán do na croíphobail Ghaeltachta. Chonaic muid fosta, mar shampla, gur cheap Leo Varadkar polaiteoir eile gan Ghaeilge (agus gan intinn ar bith aici Gaeilge a fhoghlaim) mar Aire Gaeltachta. Már a dúirt an sochtheangeolaí aitheanta Conchúir Ó Giollagáin tráth, “Is ionann stát na hÉireann agus an namhaid is mó atá ag an nGaeilge”.

I dtaca leis an dara tréith den leithghabháil chultúrtha de, (ii). An ag leithghabháil gnéithe de chultúr “a shamhlaítear a bheith fé chois” atá Leo agus baill eile den aos polaitiúil? Pobal faoi chois atá i lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht. Mionlach atá báite ag móramh Béarla na tíre seo. Tá, cinnte, cosaintí áirithe stáit ag an Ghaeltacht agus an Ghaeilge ach níos lú ná mar a bhíodh. 

Chonaic muid san anailís a rinne Tuairisc.ie ar chuid figiúirí Pobal go bhfuil na ceantracha is láidre Gaeltachta i gcontaetha Dhún na nGall agus na Gaillimhe faoi mhíbhuntáiste mhór eacnamaíoch. Anuas air seo, taobh istigh den Ghaeltacht, is cosúil gurb iad na ceantracha laga Gaeltachta, .i. na ceantracha is mó Béarla, na ceantracha is láidre i dtaca le rachmas eacnamaíoch de. Sa bhliain 2020 tá bunadh na Gaeltachta go fóill faoi mhíbhuntáiste shuntasach eacnamaíoch.

Chonaic muid le gairid, chomh maith, an tuitim thubaisteach atá tagtha i líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht le beagán blianta. Tá an Ghaeltacht thraidisiúnta ar ndóighe faoi bhrú uafásach. Tá an córas reatha eacnamaíochta agus an córas polaitiúil araon ag déanamh dochair as cuimse do phobal dúchais na Gaeilge. 

Pobail i gcontúirt mhór a gcaillte, ar an drochuair, atá i bpobail thraidisiúnta na Gaeltachta. Iad fágtha ar an trá fholamh ag rialtas atá ar nós cuma liom fúthu ach atá tugtha ar fad do chur chuige nua-liobrálach i ngnóthaí teanga, eacnamaíochta agus sóisialta. Is é sin le rá go bhfuil an stát ag séanadh na freagrachta i leith chosaint cheart a thabhairt do an pobail teanga seo. Ligfear don “mhargadh saor” an cinneadh a dhéanamh cé acu a mhairfidh na pobail seo agus an teanga dhúchais nó nach mairfidh.

San am céanna is ar lucht an “chúpla focal”, ar shiombalachas náisiúnach na Gaeilge agus ar “Bliain na Gaeilge” atá an t-aos polaitiúil dírithe. Faoi thionchar idé-eolaíocht an nua-liobrálachais, tá neamhiontas á dhéanamh de chainteoirí dúchais na Gaeltachta ar mhaithe le móradh foghlaimeoirí i mbailte móra agus cathracha na tíre. 

Foghlaimeoirí, go minic, a bhaineann le haicme atá níos fearr as ná cainteoirí dúchais na Gaeltachta. Cuireann idé-eolaíocht an nua-liobrálachais béim ar an ghníomh aonair, ar an fhoghlaimeoir a chaitheann am agus airgead leis an teanga a shealbhú d’ainneoin na timpeallachta Béarla atá fá dtaobh de. I gcur chuige seo an nua-liobrálachais is cuma fá leas an phobail, is leor na gníomhartha aonaracha seo a chaithfidh a gceart a sheasamh sa mhargadh “saor.”

I bhfianaise na heaspa gnímh, na ndroch-chinntí, an neamhiontais agus na moilleadóireachta, is léir nach fiú biorán an Ghaeltacht don aos polaitiúil nua-liobrálach. Ní féidir linn a bheith ag súil lena mhalairt faoin tráth seo. Tá muid i bhfad rófhoighdeach agus rófhulangach leis na polaiteoirí seo atá sásta an siombalachas agus na buntáistí cultúrtha a bhaineann leis an Ghaeilge a thabhairt chucu féin agus san am céanna a bheith rannpháirteach i marú agus díothú na bpobal Gaeltachta de dhíobháil acmhainní, daonlathais agus cuidithe.

Thig linn tabhairt faoi na dúshláin atá romhainn ach pobal na Gaeltachta agus Gaeilgeoirí as achan chearn den tír diúltú do chluiche seo ár gcairde bréige. Más mian le leithéidí Leo Varadkar an Ghaeilge a fhoghlaim ar mhaithe lena leas pearsanta, ní mór dúinn léiriú dó go bhfuil dualgas air a chumhacht a úsáid le cinntiú nach mbeidh an Ghaeltacht mar atá sí inniu imithe ar shlí na fírinne faoin am a mbeidh Gaeilge líofa aige. 

SCÉALTA EILE