Cúrsa Gàidhlig ar líne do chainteoirí Gaeilge

Cuirfear tús an tseachtain seo chugainn le cúrsa ar líne i nGaeilge na hAlban do chainteoirí Gaeilge na hÉireann.

Is é an ceoltóir agus an t-oide aitheanta Brian Ó hEadhra a bheidh i mbun an chúrsa ceithre seachtaine, a thosóidh an Luan beag seo, an 4 Meán Fómhair.

Tá breis agus 25 bliana caite ag Brian ag teagasc ranganna ar an nGàidhlig agus tá taithí ar leith aige ar theanga na hAlban a mhúineadh ar bhealach tarraingteach nádúrtha do mhuintir na Gaeilge.

“Bha mi a’ teagasg Gàidhlig na h-Albain do luchd na Gaeilge aig colaiste Sabhal Mòr Ostaig san Eilean Sgitheanach beagan seachdainean air ais agus bha iarratas làidir ann bho na sgolairean clasaichean a bharrachd a chumail tron bhliadhna,” arsa Brian le NÓS.

“Sin an adhbhar (fáth) gu bheil mi a’ tabhainn (tairiscint) na clasaichean a tha seo an-dràsta (anois).

“Ma tha thu a’ leughadh seo gu furasta is dòcha gum bi ùidh (suim) agad pàirt a ghabhail.”

Is ar Zoom a thabharfar an cúrsa – a bhfuil £25 air san iomlán – agus is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi anseo.

Gun tèid leat!

SCÉALTA EILE