Cúrsa Maoraise, teanga dhúchais na Nua-Shéalainne, á fhorbairt ag Duolingo

Beidh cúrsa Maoraise do chainteoirí Béarla ar fáil ar an aip foghlama teanga Duolingo sna míonna amach romhainn. Tá an cúrsa á fhorbairt ag Duolingo faoi láthair agus cainteoirí Maoraise i mbun oibre ar dhearadh agus cur le chéile an chúrsa. 

Is sa ‘ghoradán’ atá an cúrsa faoi láthair, an t-ainm atá baiste ag lucht Duolingo ar an tsaotharlann ar líne ina bhforbraítear na cúrsaí teanga, agus níl fáil ag an ngnáthphobal air go fóilleach. Níor thóg sé ach ceithre mhí, áfach, an cúrsa Gàidhlig a bhogadh ó chéim an ghoradáin go cúrsa beta ar Duolingo anuraidh, agus tá seans maith ann go mbeidh an cúrsa Maoraise ar fáil faoi dheireadh na bliana seo, nó ag tús na bliana seo chugainn. 

Bíonn oibrithe deonacha ag obair ar chúrsaí teanga i ngoradán Duolingo. Nuair a bheidh cuid mhaith den chúrsa curtha le chéile, cuirfear an leagan beta den chúrsa ar fáil do dhaoine a léirigh spéis ann cheana, agus nuair a gheofar aiseolas air sin, réiteofar an leagan críochnúil den chúrsa Maoraise. Is féidir le cainteoirí Maoraise cabhrú leis an bpróiseas anseo

Māori, nó te reo (‘an teanga’), is ainm do theanga dhúchais na Maorach, pobal dúchais Aotearoa (an Nua-Shéalainn). Tá stádas mar theanga oifigiúil de chuid Aotearoa o bhí 1987 ann, ach bhí titim mhór tagtha ar líon na gcainteoirí ó 1945 i leith. Tá méadú beag tagtha ar na figiúirí ó bhí 2015 ann, mar gheall ar na hiarrachtaí athbheochana atá ar siúl sa tír le 70 bliain anuas. 

SCÉALTA EILE