Tá daoine as Gaeltacht Chois Fharraige agus an ceantar máguaird á lorg ag taighdeoir as an bhFrainc atá i mbun PhD faoin mBéarla a labhraítear sa réigiún. Tá Airielle Theveniaut i gcathair na Gaillimhe i láthair na huaire agus súil aici labhairt le “go leor daoine” as an gceantar “ó Bhearna soir go dtí an Cheathrú Rua” dá cuid taighde.
Tá spéis aici castáil le daoine dátheangacha a tógadh sa cheantar le go mbeadh sí in ann an tionchar atá ag Gaeilge dhúchais na háite ar an gcineál Béarla a labhraítear ann. Dúirt Airielle le NÓS go mbeadh an-spéis aici labhairt le cainteoirí Gaeilge nach bhfuil Béarla acu nó a bhfuil fíorbheagán Béárla acu ach go dtuigeann sí nach bhfuil mórán daoine mar sin ann, má tá a leithéid ann ar chor ar bith.
Ba mhaith léi castáil le daoine nach as Cois Fharraige iad ach atá ina gcónaí ann le breis agus deich mbliana freisin, lucht foghlama na Gaeilge ina measc, le go ndéanfadh sí staidéar ar an gcaidreamh sochtheangeolaíoch idir na teangacha. Fir agus mná idir 25 agus 50 bliain d’aois atá uaithi
“Nuair a thosaigh mé an taighde bhí mé an-dírithe ar cheantar Chois Fharraige agus ar theorainneacha crua, ach tá sé deacair na teorainneacha sin a leagan amach . Ba mhaith liom labhairt le daoine as an Spidéal agus Indreabhán, ach níor mhiste liom daoine as iarthar chathair na Gaillimhe, Bearna, agus chomh fada siar leis an gCeathrú Rua ach an oiread,” a dúirt Airielle le NÓS.
Tá PhD ar bun ag bean na Fraince ar Bhéarla na hÉireann, agus staidéar á dhéanamh aici ar an ábhar ó rinne sí a bunchéim cúpla bliain ó shin. Tá MA sa teangeolaíocht déanta aici ar an mBéarla a labhraítear i gCúige Uladh, agus anois tá a haird dírithe aici ar Bhéarla na Gaillimhe toisc “nach bhfuil mórán staidéir déanta air” go dtí seo. Tá comhghleacaí léi i mbun taighde ar chainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
Nuair a bheidh an staidéar seo curtha i gcrích ag Airielle, tá sí ag súil go mbeidh “corpas sách mór” de Bhéarla Chois Fharraige agus an ceantar máguaird ann a mbeidh daoine eile in ann tairbhe a bhaint as ó thaobh na teangeolaíochta de.
“Beifear in ann staidéir eile a dhéanamh ar an bhfoghraíocht agus ar fhóinéimí agus araile. Tá liosta focal, liosta abairtí, agus téacsanna éagsúla againn, agus beidh agallaimh ann leis na cainteoirí faoin mBéarla atá acu agus faoin gcaidreamh atá acu leis an teanga sin agus leis an nGaeilge féin – cén chaoi agus cén uair a úsáideann siad ina ngnáthshaol iad. Beidh muid ag caint faoin saol oibre, an chaint cois claí, comhráite le cairde agus comhráite le daoine nach bhfuil aithne mhaith ag an gcainteoir orthu,” a dúirt sí.
Ba mhaith le Airielle go dtiocfadh rannpháirtithe ina mbeirteanna chuig an staidéar le go mbeadh sí in ann gnáthchomhrá idir beirt a bhfuil caidreamh maith eatarthu cheana féin a thaifeadadh.
“Mairfidh an rud ar fad thart ar cheathracha nóiméad. Beidh gnáthchomhrá ann le duine eile, cara nó gaol, beidh agallamh ann liomsa, agus beidh na liostaí focal agus abairtí le léamh os ard ag na rannpháirtithe. Ba mhaith liom tasc eile a dhéanamh nárbh fhéidir liom a dhéanamh sna hagallaimh a rinne mé cheana féin ar Zoom – bheadh ar dhuine amháin treoracha a thabhairt ó bhéal don duine eile agus bheadh ar an duine sin an cúrsa a mharcáil ar léarscáil,” a mhínigh sí.
Tháinig Airielle go Gaillimh an tseachtain seo caite agus beidh sí anseo go dtí an 13 Samhain. Is i gCnoc na Cathrach, ar imeall chathair na Gaillimhe, atá sí ag fanacht agus beidh sí sásta castáil le muintir Chois Fharraige lá ar bith den tseachtain don taighde. Is iarrthóir PhD sa Laboratoire Parole et Langege in Ollscoil Aix í agus tá sí faoi stiúir Thaidhg Uí Ifearnáin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus í anseo in Éirinn. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Airielle le coinne a dhéanamh ar ríomhphost (airelle.theveniaut@univ-amu.fr) nó ar WhatsApp (0033688654615).
Ba é an ceol a mhúscail spéis an Fhrancaigh sa tír seo an chéad lá riamh, agus bhí sí ina cónaí i gcathair na Gaillimhe ceithre bliana ó shin, tráth a bhí a teanga dhúchais á múineadh aici san ollscoil. Tá spéis sa cheol aici i gcónaí agus tá súil aici a scíth a ligean sna tráthnóna ag casadh na fidile ag seisiúin cheoil sa chathair nó sa Ghaeltacht.