‘Déantar talamh slán de go bhfuil mé ag foghlaim mar gheall ar fhear’

Níl mé in éad le daoine eile atá ag foghlaim na Gaeilge, mar atá mise. Ní hamháin go gcaithfidh muid déileáil le ceist na gcanúintí (cé acu roghnóidh muid?), an easpa deiseanna leanúint ar aghaidh tar éis an mheánleibhéil, agus an obair mhaslach a bhaineann leis an tuiseal ginideach; ach caithfidh muid seasamh freisin leis an bhfáth a bhfuil muid á foghlaim ar an gcéad dul síos, é a mhíniú arís agus arís eile, agus na claontachtaí ar fad i leith na Gaeilge romhainn. 

Mar fhoghlaimeoir nach Éireannach mé, déantar talamh slán de go bhfuil mé ag foghlaim mar gheall m’oidhreacht agus mar gheall air sin amháin. Mar aistritheoir, de réir mo thaithí féin, déantar talamh slán de go bhfuil mé ag iarraidh teanga amháin eile a chur leis an bhailiúchán agus brabús a bhaint as. Agus níos minice fós, mar bhean, déantar talamh slán de go bhfuil mé ag foghlaim mar gheall ar fhear (nó, aisteach go leor, chun fear a fháil), seachas chun rud a dhéanamh dom féin agus díreach de bharr suime.

Tá ar mhná atá ag foghlaim teangacha déileáil le raon dúshlán a bhaineann le difríochtaí i stíleanna chomhrá. Tá claonadh ag mná a bheith níos déine orthu féin agus gan a bheith sásta teacht roimh dhaoine eile i gcomhrá, mar gheall ar an gcaoi a dtugtar an briseadh seo isteach faoi deara de bharr claontacht insnce. An fear a bhriseann isteach i gcomhrá bíonn sé ceannasach, ach bean a bhriseann isteach bíonn sí drochbhéasach. Éiríonn seo níos measa má tá mná ag labhairt i dteanga atá siad a fhoghlaim.

Caithfidh mná déileáil le bacanna sóisialta chomh maith. Má bhreathnaíonn tú ar na deacrachtaí atá roimh mná maidir le cothromaíocht oibre is saoil agus dáileadh éagothrom na hoibre tí, is léir go bhfuil easpa ama agus easpa deiseanna ag go leor ban agus siad ag iarraidh dul amach agus freastal ar ranganna nuair a bhíonn an oiread sin freagrachtaí eile acu sa bhaile. Is iad na fir (agus fir mheánaicmeacha go háirithe) a a bhfuil teacht acu ar na deiseanna foghlama. 

Tá dúshlán mór eile ann ó thaobh na sochtheangeolaíochta de: tá i bhfad níos mó brú ar mhná chun a bheith uaillmhianach agus an dóigh a labhraíonn siad a athrú de réir an chomhthéacs. Cé nach dtugtar breith dhian ar fhir agus siadsan ag úsáid caint neamhfhoirmeálta nó réigiúnachas, cuirtear níos mó brú go hiondúil ar mhná a sainréim teanga a athrú. 

I dtaca le mionteangacha, tá an chuma air nach bhfuil mná in ann bua a bheith acu. Ní hamháin go tugtar drochbhreith ar mhná má bhaineann siad úsáid as caint neamhfhoirmeálta, Béarlachas nó foirmeacha canúnacha ina gcuid cainte, déantar cáineadh dian orthu freisin má athraíonn siad a stíl labhartha. Dá bhrí sin, cailleann siad pointí i dtaca le hinchreidteacht, agus tá an prionsabal céanna i gceist le cainteoirí dúchais chomh maith le foghlaimeoirí.

Nuair atá deireadh ráite, más tosaitheoir, ardfhoghlaimeoir nó cainteoir dúchais thú, is ar an taobh céanna atá muid uilig, fiú má tá na constaicí atá romhainn difriúla. Seans go mbíonn chuid de na daoine ag foghlaim mar gheall ar a n-oidhreacht, nó daoine eile mar gheall ar chúiseanna proifisiúnta, ar suime, nó ar chúiseanna éagsúla eile. Tá chuile chúis bailí, agus níl ann ach an tús. Cibé cúis atá taobh thiar de, bheadh muid i bhfad níos fearr as dá mbeadh muid in ann éisteacht lena chéile. Dá mbeadh muid in ann díriú ar na constaicí a shárú, seachas a bheith cráite ag na cúiseanna foghlama, bheadh muid uilig níos fearr as. 

SCÉALTA EILE