Dearg le Fearg: níos mó ná riamh

D’iompaigh sciar suntasach de na meáin shóisialta dearg aréir de bharr feachtas bolscaireachta ón ghréasán nua gníomhairí teanga, An Dream Dearg.

Ainmnithe in ómós do na hagóidí ‘Dearg le Fearg’ a eagraíodh in ionaid éagsúla ar fud na tíre in 2014, tá An Dream Dearg i ndiaidh theacht chun tosaigh le fócas a thabhairt don streachailt ar son chearta phobal na Gaeilge, go háirithe sna sé chontae.

Le tamall anuas tá ionsaithe i gcoinne na Gaeilge agus a cuid cainteoirí ag géarú ó thuaidh le polaiteoirí ón DUP ach go háirithe ag díriú a n-airde ar phobal na teanga.

I mí na Samhna anuraidh d’fhógair an tAire Oideachais i Stormont, Peter Weir, nach ndéanfadh a roinn aon chomhfhreagras i nGaeilge feasta agus díreach roimh an Nollaig thug an tAire Pobal, Paul Givan, le fios go mbeifí ag cur deireadh leis an scéim sparánachta Líofa, scéim arbh fhiú £50,000 é agus a thug deis do 100 duine freastal ar chúrsaí Gaeltachta gach bliain.

Chuir na cinntí seo faobhar ar dhiongbháilteacht na nGael ó thuaidh seasamh a ghlacadh in éadan na n-ionsaithe agus cuireadh tús leis an ghníomhaíocht sin ar líne inné.

Is é an fáinne, ar chúlra dearg, an lógó atá in úsáid ag An Dream Dearg agus san oíche aréir phostáil na céadta duine an íomhá shuaithinseach ar Facebook agus ar Twitter.

“Is muid An Dream Dearg. Is sibh an Dream Dearg. Is cuid den Dream Dearg gach duine a chreideann i gcothromas, cearta agus cóir. Bígí páirteach sa ghréasán oscailte seo de dhíograiseoirí Gaelacha ó gach cearn agus cúlra. Bígí linn. Bímís #DeargleFearg.”

Sin an ráiteas a foilsíodh ar na meáin shóisialta aréir agus roinneadh é go forleathan taobh istigh d’achar an-ghairid.

Tuigtear go mbeidh léirsiú mór á reáchtáil ag an Dream Dearg i mBéal Feirste níos moille sa bhliain ach roimhe sin beidh sraith gníomhaíochtaí agus ócáidí ann chun míshásacht chainteoirí Gaeilge a chur in iúl do pholaiteoirí agus don mhórphobal araon.

Tosóidh sin Déardaoin seo, 12 Eanáir, nuair a bheas agóid ar siúl ag 12.30in taobh amuigh den Roinn Pobal i lár Bhéal Feirste chun cur i gcoinne chinneadh an Aire Givan deireadh a chur le scéim Ghaeltachta Líofa.

Tá fáilte roimh chách bheith páirteach san agóid, go háirithe má bhíonn siad gléasta i ndearg!

Is féidir forbairtí An Dream Dearg a leanúint ar a leathanaigh Facebook agus ar Twitter.

SCÉALTA EILE