De réir Dhaonáireamh 2016 go bhfuil 17,093 duine i mBaile Átha Cliath a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, an dlús is airde in aon chontae sa tír. Insíonn duine acu, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, dúinn faoin dóchas a chothaíonn pobal Gaeilge na príomhchathrach…
Tá rud éigin ag fás le díocas faoi thallamh i mBaile Átha Cliath, ag gluaiseacht faoi choim i ngan fhios do mhórphobal na hardchathrach.
Cuireann sé iontas, agus scaití alltacht, ar dhaoine a fháil amach gur cuma cén áit ina bhfuil siad sa chathair, ní bhíonn siad riamh ach cúpla céad slat ó chainteoir laethúil Gaeilge thar trí bliana d’aois taobh amuigh den chóras oideachais.
Is iontach an rud iad mórchatharacha.
Meallann siad daoine chucu, a gcluasa líonta de ghealltanais faoi shaol na bhfuíoll agus sónna galánta ar nós fostaíochta, leathanbhanda agus uisce gan chripteaspóiridiam.
Agus is cuma má tá dúil agat i dtrasghléasadh, tafaifilia nó sa Ghaeilge féin, beidh pobal ann duit.
Sa chathair is féidir leis an aon Ghael ón sráidbhaile teacht ar chiaróg eile a thuigeann Taidhgín, agus is féidir leis an gcadhan aonair a scata a aimsiú.
Sin bua na cathrach.
Agus ní gá duit bheith buartha faoi bheith i do ‘bhlow in’.
Is blow-ins iad formhór mhuintir na cathrach, bíodh sé sa ghlúin seo nó sa cheann roimhe, agus is cuma más ón Pholainn, ón tSín nó áit níos aistí fós ar nós an Mhuilinn Chearr thú.
(Ní gá bheith buartha faoi na ‘fíor-dhubs’ ach oiread, tá na cosa tógtha leo ag plandáil na Mí agus Cill Dara, iad ag súil go gcuirfidh a síol le hiomaíocht Chraobh Laighean sa pheil amach anseo.)
Bhí Gaeilge le clos riamh i mBaile Átha Cliath ar ndóigh, fiú agus na Lochlannaigh, na Normannaigh agus na Túdaraigh i réim.
Tá scéal na teanga fite fuaite ina sráideanna is ina bhruachbhailte.
Is ann a thosaigh Athbheochan na Gaeilge beagnach 125 bliain ó shin agus is iomaí dul chun cinn atá déanta ó thaobh cúrsaí oideachais, na n-ealaíon, dlí, gnó, cúrsaí pobail agus riaracháin de ó shin.
Tá Gaeilgeoirí san ardchathair tar éis a rian a fhágaint ar fhorbairt na cathrach agur ar fhorbairt na teanga, agus leanann siad orthu á dhéanamh le dóchas dearfach dochloíte.
Tá lucht na Gaeilge scaipthe go cothrom trasna na cathrach agus daoine de gach aicme, creideamh, cúlra agus dearcadh polaitíochta ina measc, rud a chiallaíonn go bhfuil an Ghaeilge á normalú agus á comhtháthú go forleathan.
Níl blas ná canúint amháin i réim agus cuirtear eolas orthu ar fad – súitear isteach an éagsúlacht agus fágtar teanga dhaite, lán de réimse saibhris.
Ar a bharr sin, ní bhíonn seirbhísí ná pobal i bhfad uait riamh agus tá córas taistil an-mhaith ag feidhmiu leis na pobail sin a nascadh le chéile.
Bíonn lár na cathrach ag feidhmiú mar chroí láthair chruinnithe – do na Gaeil chomh maith le gach saoránach eile – agus is mol iompair é le soláthar leathan seirbhísí poiblí.
Tá áit faoi leith ag Baile Átha Cliath i saol an oileáin seo agus nuair a ligeann sí sraoth is minic thagann casacht ar áit eile.
Is baile é ina roghnaíonn daoine a mbóthar a shiúl, a scéal a scríobh, a sciathán a shíneadh agus a mbéal a oscailt.
Agus tá níos mó anois ag roghnú sin ar fad a dhéanamh ina dteanga féin.
An é Baile Átha Cliath Tír Tairngire an chainteora Ghaeilge?
Cá bhfios.
Thar aon rud eile is áit í atá lán féidearthachtaí, roinnt acu atá á tapú againn, roinnt eile nach bhfuil go fóill.
Ach is í braistint na bhféidearthachtaí sin an réalta eolais a mhealann lucht na haislinge, a chruthaíonn saol trí Ghaeilge anseo agus a chuireann an teanga i mbéal na nglún atá le teacht.