Dréimire na dTeangacha

Tá an Ghaeilge ar an tríú teanga is mó tóir i measc úsáideoirí Duolingo na hÉireann, í sna sála ar an Spáinnis agus ar an Fhraincis.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Duolingo, an aip foghlamtha teanga is mó ar domhan, tá 25% d’úsáideoirí na haipe in Éirinn ag foghlaim na Spáinnise agus tá 21% ag gabháil don Fhraincis.

Tá an Ghaeilge sa tríú háit i measc na dteangacha móréilimh in Éirinn, le 16% d’úsáideoirí ag tabhairt faoin chúrsa Gaeilge ar an aip.

Fágann sé sin go bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh ar an Ghearmáinis agus ar an Iodáilis, atá ag mealladh 11% agus 9%, faoi seach, de phobal Duolingo na tíre.

Anuas air sin, tá 15% d’úsáideoirí na hÉireann ag foghlaim an Bhéarla trí theangacha éagsúla, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis agus an Spáinnis ina measc.

Ag labhairt le NÓS dó, dúirt Zan Gilani ó Duolingo gur spéisiúil na figiúirí eile a bhaineann le húsáideoirí na hÉireann, atá ag sárú an mheáin dhomhanda ó thaobh an mhéid ama a chaitear ar an aip.

“Tugann úsáideoirí na hÉireann faoi 2% níos mó ranganna sa lá ná an t-úsáideoir meánach domhanda agus tá siad 5% níos gníomhaí, ar bhonn seachtaine, i gcomparáid leis an mheán-úsáideoir domhanda,” ar Zian.

Mar a mheasfá, léiríonn figiúirí domhanda Duolingo go bhfuil an Béarla ar an teanga is mó éileamh, le níos mó na leath de na húsáideoirí ar fud na cruinne, 51% acu, ag gabháil dó.

Tá áit ag an Spáinnis (16%), an Fhraincis (12%), an Ghearmáinis (8%) agus an Iodáilis (5%) ar dhréimire na dteangacha móréilimh domhanda.

Faoi láthair tá rogha de 19 dteanga éagsúla ar fáil ag lucht an Bhéarla saor in aisce, agus dúirt Zian nach fada go mbeidh Gréigis, Rómáinis, Seicis, Svahaílis, Hiondúis, Indinéisis agus Cóiréis ar fáil, mar aon le Klingon, teanga a labhraítear i ndomhan Star Trek!

Gach rath ar na foghlaimeoirí uile, nó mar a deirtear i ndomhan na réaltaí, “Qapla’, a chairde!”

SCÉALTA EILE