Bhásaigh Griet Seekoei le deireanas, duine de chainteoirí deireanacha na teanga Nluu, an teanga i sine san Afraic Theas. Meastar go bhfuil an teanga os cionn 25,000 bliain d’aois agus ar cheann de na teangacha is sine ar domhan a bhfuil cainteoirí dúchais fós aici.
Bhí Griet Seekoei 86 bliain d’aois nuair a fuair sí bás cúpla seachtain ó shin. D’fhág sí ina diaidh a beirt deirfiúracha agus deartháir amháin a tógadh leis an teanga freisin. Tá na cainteoirí sin ina gcónaí i mbailte éagsúla, rud a fhágann nach labhraítear a dteanga ar bhonn laethúil.
Ba ghníomhaí teanga í Griet, a chaith go leor ama ag troid ar son a teanga dhúchais. D’oibrigh sí le haitheantas oifigiúil a fháil do Nluu, agus lena cur chun cinn i measc na nglúnta a tháinig ina diaidh.
Dála na dteangacha eile sa ngrúpa teanga ‘San’, teanga cheolmhar lán cliceanna í Nluu agus aithnítear í mar ‘bhunteanga na hAfraice Theas’, tír a bhfuil deich dteanga oifigiúil ann agus os cionn 20 teanga eile á labhairt inti.
Múintear an teanga do pháistí go fóill, ach ní bhíonn sa teagasc sin ach focail agus frásaí beaga, chomh maith le hamhráin thraidisiúnta. Tá córas scríofa ann don teanga freisin, ach is iondúil nach mbíonn an té atá in ann í a scríobh í a labhairt freisin.
Bhí Nluu i mbarr a réime le linn an 19ú hAois, ach tháinig meath uirthi nuair a dhíbir lucht labhartha na hAfracáinis na cainteoirí dúchais Nluu as a mbailte dúchais. Aistríodh na cainteoirí go bailte móra nach raibh a dteanga féin á labhairt iontu sna 1930idí agus faoi 1973 bhí an teanga marbh