Tá duine le Gàidhlig á lorg ag an ghréasán rathúil Wikipedia chun leagan Gàidhlig den tseirbhís chiclipéide a fhorbairt.
Is iomaí teanga a bhfuil a leagan féin de Wikipedia acu, Gaeilge na hÉireann agus Gàidhlig na hAlban ina measc.
Cuireadh tús leis an tseirbhís Ghàidhlig i mí Mheán Fómhair 2003 agus tá breis agus 14,000 alt curtha ar fáil sa teanga úd go dtí seo.
Muna bhfuil freagra ceiste ar eolas ag Gaeil na hAlban, bíonn ‘Uicipeid’ ann le cuidiú leo.
Le go ndéanfar an fiontar a fhorbairt, táthar ag lorg duine díograiseach le Gàidhlig chun soiscéal Uicipeid a scaipeadh ó cheann ceann na hAlban.
Post páirtaimseartha (18.5 uair sa tseachtain) atá i gceist agus tá £30,000 sa bhliain á thairiscint don té a cheapfar. Beidh formhór na hoibre dírithe ar dhaoine a spreagadh agus a thraenáil le hailt a chur ar fáil.
Tá an post á mhaoiniú ag Leabharlann Náisiúnta na hAlban, Wikimedia agus Bòrd na Gàidhlig, eagraíocht a chuireann an Ghaeilge chun cinn.
“Deis iontach atá anseo do dhuine atá líofa sa Ghàidhlig agus atá paiseanta agus tiomanta don teanga,” dar le Gill Hamilton ó Leabharlann Náisiúnta na hAlban.
Dúirt Gill go bhfuil siad “solúbtha” faoin áit a mbeidh an tUicipeideoir lonnaithe as siocair go mbeidh an té a cheapfar ag caitheamh tréimhsí sna hoileáin iartharthacha, sna Garbhchríocha agus i lár na hAlban ag traenáil daoine.
Táthar ag súil go n-ardófar próifíl na teanga ar líne agus go spreagfar daoine atá líofa sa Ghàidhlig le heolas tábhachtach a chur ar fáil faoi chultúr, oidhreacht agus pobal na Gàidhlig go háirithe.
Cuireadh tús oifigiúil leis an ollghréasán ciclipéide Wikepedia i mí Eanáir 2001 agus tá sé i measc na seirbhísí ar líne is mó rath ar domhan.
Le breis agus 38,555 alt ann, tá fás dochreidte tagtha ar an leagan Gaeilge, ‘Vicipéid’, a bunaíodh i mí Eanáir 2004.
Dea-chomhartha dár gcairde ar an taobh thall de Shruth na Maoile!
Uicipeid go deo!