€1,000 ar fáil do ghnólachtaí i BÁC ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn

Cuirfear suas le míle euro ar fáil do ghnólachtaí i mBaile Átha Cliath le comharthaíocht Ghaeilge nó comharthaíocht dhátheangach a dhearadh faoi scéim nua a seoladh san ardchathair ag an deireadh seachtaine.  

Ba é an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Jack Chambers a sheol an ciste agus an scéim nua, atá á gcur ar fáil ag Baile Átha Cliath le Gaeilge, i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite. 

Is é is sprioc leis an gciste nua ná “feiceálacht na Gaeilge a chur chun cinn” i ngnólachtaí i mBaile Átha Cliath. Beidh an deis ag “gnólachtaí beaga agus meánmhéide” comharthaíocht lán-Ghaeilge nó comharthaíocht dhátheangach a dhearadh leis an airgead a chuirfear ar fáil faoin scéim. Beidh an scéim ar fáil do bhialanna ar maith leo a mbiachláir a chur i nGaeilge freisin.

Léiríodh i dtaighde a rinneadh do Bhaile Átha Cliath le Gaeilge gur mhaith le 69% de mhuintir na hardchathrach níos mó Gaeilge a fheiceáil sa chathair agus maíonn lucht na heagraíochta go mbeidh “tionchar láithreach agus éifeachtach” ag comharthaí dátheangacha ar chustaiméirí na ngnólachtaí a bhainfidh leas as an scéim. 

“Tá an ciste tacaíochta mar chúnamh iontach do ghnólachtaí atá ag iarraidh an chéad chéim sin a ghlacadh leis an teanga. Feicimid i gcónaí go bhfuil an pobal ag lorg deiseanna an teanga a úsáid agus leis an gciste seo mar aon le tacaí eile atá ar fáil ó BÁC le Gaeilge, beidh na deiseanna sin ar fáil,” a dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge. 

Seoladh suíomh nua idirlín Bhaile Átha Cliath le Gaeilge i dTeach an Ard-Mhéara freisin agus an suíomh lán eolais faoi imeachtaí Gaeilge sa chathair agus faoi na tacaí atá ar fáil do ghnólachtaí atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid. Is féidir le lucht labhartha na Gaeilge an suíomh a úsáid lena n-imeachtaí Gaeilge féin a fhógairt agus imeachtaí eile a chuardach. 

“Tá borradh tagtha ar an líon daoine agus gnólachtaí a fháiltíonn roimh an nGaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá an pobal ag lorg níos mó deiseanna an teanga a úsáid go laethúil. Cuideoidh an ciste seo le spriocanna Bhaile Átha Cliath le Gaeilge maidir le feiceálacht na Gaeilge a mhéadú sa chathair. 

“Beidh an suíomh nua mar thaca do ghnólachtaí agus don phobal a n-imeachtaí féin a chlárú agus imeachtaí Gaeilge eile a fheiceáil san ardchathair. Léireoidh an t-eolaire na gnólachtaí a thacaíonn le Gaeilge i mBaile Átha Cliath don phobal. Táim ag tnúth go mór le cur leis an líon gnólachtaí léirithe anseo sna laethanta amach romhainn,” a dúirt Mícheál Ó Nualláin, stiúrthóir Bhaile Átha Cliath le Gaeilge. 

Is fo-eagraíocht de chuid Chonradh na Gaeilge é Baile Átha Cliath le Gaeilge a fhaigheann maoiniú ó Roinn na Gaeltachta agus a oibríonn as lámha a chéile le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

SCÉALTA EILE