Bíonn sé de nós againn a bheith ag scéalaíocht, mar sin de bíonn muid ag caint san aimsir chaite go minic. Tosaíonn daoine ag foghlaim na haimsire caite go measartha luath in aistear foghlama teanga ar bith.
Thar bhriathar ar bith eile, is é an briathar ‘bí’ a bhíonn á úsáid againn sa Ghaeilge. Mar sin de, is é sin an briathar is tábhachtaí agus is úsáidí san Eadar-Ghaelg.
Bha v Bhí
Ar bhealach, tá seo deacair go leor don chainteoir Eadar-Ghaelg (i. Gael ar bith atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt le cainteoirí canúintí/teangacha Gaeilge eile gan tiontú ar an mBéarla) óir caithfear rogha a dhéanamh idir ‘bhí’ (GÉ), ‘bha’ (GA agus Gaeilge Aontroma) agus ‘va’ (GM), i. ‘bha’.
Mar sin féin, níor cheart go mbeadh sé deacair, dá mbeadh fios ag duine ar ‘bhí/bha‘ (agus tá anois!) – sin an fhadhb réitithe – ach scriosfadh sé sin an spraoi!
Ach fan go fóill, seans go bhfuil ‘bha’ agus ‘bhí’ níos ciotaí ná mar a shílfeá. Thuigfeadh Éireannach ‘bha’ gan mórán stró measaim ach tá seans ann go mbeadh mearbhall ar Albanach ar chlos ‘bhí’ di. Seans go sílfeadh sí gur an aimsir fháistineach atá i gceist! Is é sin go gcloisfeadh sí ‘bhidh’ ( : bheidh). Is ionann ‘bidh’ agus ‘beidh’ in Albain, agus in amanna ‘bíonn’- go bunúsach, tá an aimsir fháistineach caillte acu.
Anois, dá mbeadh an saol agus an Ghaeilge ar mo mhian agam, thitfeadh muid go léir siar ar Ghaeilge an Chéitinnigh, ar an nGaeilge choitianta, agus d’úsáidfeadh muid foirmeacha mar seo a leanas eadrainn féin:
- Do bhás
- Do bháis
- Do bhí sé / sí
- Do bhámair
- Do bhábhair
- Do bhádar
Ach faraor géar, ní thuigfeadh gnáth-Ghaeil an lae inniu na foirmeacha sin (cé is moite de Chúige Mumhan seans). Mar sin féin, is féidir a thuiscint go furasta cárb as a dtagann ‘bhí’ agus ‘bha’.
Seo mar atá an an briathar ‘bí’ san aimsir chaite sa Chaighdeán Oifigiúil (CO):
- bhí mé
- bhí tú
- bhí sé/sí
- bhíomar
- bhí sibh
- bhí siad
Agus seo mar atá sé i nGaeilge Mhanann:
- Va mee (Bha mi)
- V’ou (Bha thú)
- V’eh (Bha é)
- V’ee (Bha í)
- Va shin (Bha sinn)
- Va shiu (Bha siu)
- V’ad (Bha iad)
Agus i nGaeilge na hAlban:
- Bha mi
- Bha thu
- Bha e
- Bha i
- Bha sinn
- Bha sibh
- Bha iad
Sa chéad dul síos, is ionann ‘va’ agus ‘bha’ ar ndóigh. Mar sin de, ní fadhb mhór í sin. Mar sin, ‘bha’ nó ‘bhí’?
Ar an ábhar gur úsáideadh ‘bha’ in Éirinn agus go bhfuil údarás na Gaeilge stairiúla aige, mholfainn é a úsáid san Eadar-Ghaelg (seachas don tríú pearsa uatha – ag leanúint nós na Gaeilge Clasaicí).
Mar a scríobh mé cheana, measaim gur fearr nós na hAlban agus Mhanann (agus Oileán Reachraidh) a leanúint maidir leis na forainmneacha de, is é sin le rá an fhoirm chuspóireach a úsáid i gcónaí – thuigfeadh Éireannach sin níos éasca ná mar a thuigfeadh Albanach ‘sé, sí agus siad’.
Mar sin de, seo mo mholadh don bhriathar ‘bí’ san aimsir chaite san Eadar-Ghaelg (Tá Interlingua taobh leis):
- Bha mi (Io esseva)
- Bha tú (Tu esseva)
- Bh’í (i. Bhí í) (Illa esseva)
- Bh’é (i. Bhí é) (Ille / Illo esseva)
- Bha sibh (Vos esseva)
- Bha sinn (Nos esseva)
- Bh’iad (Illes/Illas/Illos esseva)
Creidim go bhfuil cothrom na Féinne ann idir na canúintí go léir agus níos tábhachtaí arís, creidim go dtuigfí iad go forleathan cé go gcaithfidh mé ‘triall allamuigh’ a reáchtáil – bain triail as agus abair liom cén toradh a bheas air más féidir.
Mar sin féin, dá mbeinn ag iarraidh ‘Eadar-Ghaelg’ scríofa a chruthú, is iad na foirmeacha a leanas a mholfainn:
- Bhás
- Bháis
- Bhí sé / sí
- Bhámair
- Bhábhair
- Bhádar
Mar sin féin, d’imigh ‘Ceart na Gaeilge’ agus tháinig ‘Caint na nDaoine’.
Is féidir breathnú ar fhíseán ar an ábhar anseo.
__________________________________________________________
Is féidir na hailt eile sa tsraith seo le Ciarán Dunbar a léamh anseo: