Mar a scríobh mé cheana, d’eascair an smaoineamh ‘Eadar-Ghaelg’ as cuid mhaith foinsí: smaoineamh an Dr. Chiaráin Uí Dhuibhín; spéis i nGaeilge Reachraidh; spéis i nGaeilge na hAlban agus araile.
Ach go bunúsach, tá sí bunaithe ar ‘Interlingua’, teanga chumtha chruthaithe bunaithe ar na teangacha rómánsacha agus ar an mBéarla, atá an-nádúrtha agus intuigthe go do leor leor daoine gan staidéar ar bith. Is cineál Laidin uasdátaithe simplithe í Interlingua lena chois.
Seo roinnt frásaí in Eadar-Ghaelg agus in Interlingua chun an smaoineamh a léiriú:
Fáilte – Benvenite!
Haló. Bon die! Salute! Holla!
Lá math – Bon die!
Maidin mhath – Bon matino
Feascar math – Bon vespere
Oidhche mhath – Bon nocte
Cionnus tá tú? – Como sta vos?
Tá mi gu math – Io so ben
‘A’ bhfeil sibh gu math?’ – Vos es ben?
‘Go rabh math agad / agaibh’ – Gratias. E vos?
Bain triall astu agus abair liom cad é mar a d’éirigh leat, is é an aidhm i gcónaí gan titim siar ar an mBéarla.
Ní féidir liom a mhaíomh go bhfuil rath ar Interlingua, ach is féidir liom a mhaíomh go bhfuil sé thar a bheith éifeachtach agus éasca a thuiscint.
Mar shampla, an dtuigeann tú an píosa seo a leanas?
“Le lingua irlandese (Gaeilge [ˈɡeːlʲɟə]), anque appellate gaelico irlandese, es un lingua celtic que se parla traditionalmente in septe regiones, le majoritate in Irlanda occidental. Illo es un lingua resimilante le gaelico scotese e le lingua del Insula de Man, gaelico manese (Q-Celtic). Le lingua es anque parente a gallese e le altere linguas celtic (P-Celtic), ma plus lontano.”
Nó an méid seo a leanas, cuir i gcás?:
“Desde le 1 de januario 1801 usque le 6 de decembre 1922, Irlanda perteneceva como unitate al Regno Unite de Grande Britannia e Irlanda. Inter 1845 e 1849 le recolta de patatas, que esseva quasi le unic alimento de le plus parte del population, esseva destruite per un plaga de parasitos. Le population plus modeste non habeva su principal nutrimento es isto conveirteva se in le Grande Fame Irlandese. Un million de personas moriva longe de lor casas proque non podeva pagar le location. Le emigration esseva un question de vita o morte e produceva se un exodo a Anglaterra, Canada, Chile, Argentina, Uruguay e Australia ma super toto al Statos Unite.”
Seo tús leis an ngramadach seo le paraidím den bhriathar ‘bí’ san aimsir láithreach in Eadar-Ghaelg agus in Interlingua:
Tá mi (Io es)
Tá tú (Tu es)
Tá í (Illa es)
Tá é (Ille/illo es)
Tá sibh (Vos es)
Tá sinn (Nos es)
Tá iad (Illes, illas, illos es)