Éirí Amach Teanga

Is fada muid anseo in Éirinn ag coimhéad ar Thír na mBascach agus muid sa tóir ar inspioráid óna ngluaiseacht bheoga láidir teanga.

Ní nach ionadh go bhfuil borradh faoin Bhascais nó tá ag éirí leo moll mór eagraíochtaí agus grúpaí a thabhairt le chéile faoi aon scáth amháin i bhfeachtas bríomhar dar teideal ‘Euskaraz bizi nahi dut’.

‘Ba mhaith liom mo shaol a chaitheamh fríd an Bhascais’ a chiallaíonn an mana seo agus is dócha go bhfuil na bratacha feicthe ag aon Ghael a bhfuil cuairt tugtha aige ar Thír na mBascach, iad le feiceáil ar fud na háite, i dtithe tábhairne, i mbialanna nó crochta taobh amuigh de thithe príobháideacha.

Tchítear fosta an mana údaí ar t-léinte a chaitear go coitianta.

Mana uileláithreach atá ann.

Éileamh bunúsach atá taobh thiar den fheachtas atá ar siúl ó bhí 2010 ann nuair a eagraíodh agóid mhór i mBealtaine na bliana sin.

Mana agus sprioc ar dóigh atá ann nó fágann sé go bhfuil sé ar chumas achan duine bheith páirteach san fheachtas chéanna.

Cuimsíonn an mana an t-uafás éileamh agus spriocanna éagsúla, cuir i gcás, éilimh ar an stát, an pobal i gcoitinne a ghríosú, an teanga a normalú sa tsochaí, srl.

Mar a deir siad féin, ba mhaith leo a bheith ábalta gnáthrudaí cosúil le hobair, siopadóireacht, spórt, dul chuig an dochtúir, staidéar, léitheoireacht, agus mar sin, a dhéanamh ina dteanga féin.

Anuas air sin, tá sé mar éileamh acu comharthaí sráide, lipéid eolais ar tháirgí agus ar earraí, oideachas, agus na meáin chumarsáide a bheith ar fáil i mBascais.

Saol trí mheán Euskara dáiríre atá uathu.

ebnd

Normalú a dhéanamh ar an Bhascais is sprioc don fheachtas seo sa deireadh thiar thall agus athrú sóisialta atá de dhíobháil le sin a bhaint amach.

Ba mhaith leo daoine a bheith ábalta rogha a dhéanamh idir an Spáinnis (nó an Fhraincis) agus an Bhascais in achan ghné den tsaol.

San am i láthair tá fiacha ar dhaoine Spáinnis (nó Fraincis) a úsáid sa chuid is mó de ghnáth-imeachtaí an tsaoil agus dar leo féin gur cheart go mbeadh an rogha ag daoine Bascais a úsáid ina dtír féin nuair is mian leo.

Suimiúil go leor, ár ndálta féin in Éirinn, tá an Bhascais ag i bhfad níos mó daoine ná mar a labhraíonn í ar bhonn laethúil.

Tá borradh mór faoin mhéid daoine a bhfuil an Bhascais acu, go háirithe i measc an aosa óig, ach ní labhraíonn an chuid is mó acu í chomh minic agus ba mhian leo.

Caithfear níos mó spásanna Bascaise a chruthú sa tsochaí sa dóigh is go dtig le daoine an teanga a úsáid.

Deir siad go bhfuil ról le himirt ag achan uile dhuine san fheachtas seo ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile.

Bíonn lucht ‘Euskaraz bizi nahi dut’ i dteagmháil le ceardchumainn, polaiteoirí, an earnáil chultúir, ceoltóirí, ealaíontóirí, grúpaí sóisialta, lucht spóirt srl.

Tá siad ag iarraidh achan rann den tsochaí a bheith páirteach ann.

Eagraítear neart imeachtaí chun an ceart sin a éileamh, ina measc, maratóin phoiblí, gearrscannáin, lip-dubanna, tobshluaite, d’fhoilsigh siad leabhar, chum an banna ceoil Bascach Esne Beltza (Bainne Dubh) amhrán ar son na gluaiseachta agus chruthaigh siad nasc fiú le foireann náisiúnta sacair na mban i dTír na mBasach.

Bíonn an-éifeacht ag na lip-dubanna ach go háirithe, físeáin cheoil a dhéanann líon mór grúpaí pobail agus daoine aonaracha uilig go léir le chéile agus tá a mhacasamhail eagraithe i mbailte móra agus beaga ar fud Euskal Herria.

Is breá an cur chuige seo nó bheireann sé faill d’achan chineál grúpa a theacht amach agus tacaíocht a léiriú don fheachtas ar bhealach sultmhar spraíúil.

Narbh fhiú a mhacasamhail chéanna a dhéanamh anseo in Éirinn?

Nach bhfuil normalú na teanga s’againn féin ar cheann de na dúshláin is mó atá romhainn?

Ó tharla go bhfuil réimse leathan grúpaí agus daoine a thugann tacaíocht don Ghaeilge nach mbeadh sé maith deis a thabhairt dóibh bheith páirteach i bhfeachtas uileghabhálach?

SCÉALTA EILE